Written answers
Thursday, 30 May 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Michael Colreavy (Sligo-North Leitrim, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
14. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cathain atá sé ar intinn ag an Aire cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú; agus cad iad na haighneachtaí a fuair a Roinn i dtaobh an Bhille seo. [26248/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais, táthar ag súil Bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun Cinn an Bhille seo a dhréachtú agus táthar ag súil na dréacht-Chinn a chur faoi bhráid an Rialtais a luaithe agus is féidir.
Déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an athbhreithniú ar an Acht a bhí sonraithe i gClár an Rialtais. Ina theannta sin, déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an gcinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, mar a bhí sonraithe i bPlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí.
Mar atá curtha in iúl agam cheana sa Teach seo, fuarthas 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Tá anailís déanta ar na moltaí a fuarthas faoin bpróiseas sin agus déanfar iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha i dteannta le Cinn an Bhille.
No comments