Written answers
Thursday, 6 December 2012
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Íocaíochtaí Deontas
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad deontas a ceadaíodh do Chomhar Chuigéil ó 2007 go dáta, cé mhéad deontas díobh sin a íocadh amach, cén méid den airgead a ceadaíodh atá fós gan tarraingt, céard a chaithfear a dhéanamh leis an airgead seo a fháil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54958/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Seo a leanas sonraí na ndeontas atá ceadaithe do Chomhar Chuigéal Teo. faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne ó 2007 go dáta:
Sonraí an deontais | Ceadaithe € | Íoctha € | Fuílleach € |
---|---|---|---|
Obair athchóirithe ar an gclós (2008) | 30,582 | 20,182.06 | 10,399.94 |
Athchóiriú an chórais séarachais (2012) | 18,222 | 0 | 18,222.00 |
Iomlán | 48,804 | 20,182.06 | 28,621.94 |
Sa chaoi is go mbeifear in ann fuílleach an dá dheontais thuasluaite a chúiteamh, bheadh gá bailchríoch a bheith curtha leis an ngné a bhaineann leis an ngníomhas cúnaint agus muirir. Tuigtear dom go bhfuil an t-ábhar seo á leanúint suas leis na páirtithe cuí. Maidir leis an deontas i leith an chórais séarachais, ní foláir don iarratasóir na coinníollacha eile a cuireadh leis an deontas ag am a cheadaithe a chomhlíonadh. Tuigtear dom go bhfuil sé sin mínithe don chomharchumann.
No comments