Written answers
Tuesday, 6 November 2012
Department of Foreign Affairs and Trade
Áisíneachtaí Tras-Teorann
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Tánaiste and Minister for Foreign Affairs and Trade cén maoiniú atá curtha ar fáil do na háisíneachtaí trasteorann don bhliain 2012; cén céatadán den mhaoiniú a caitheadh ar thuarastail gach bliain ó 2008; an bhfuil fostaithe na n-áisíneachtaí atá lonnaithe ó dheas ag feidhmiú faoi ráta tuarastail atá bunaithe ar an gciorclán is déanaí de chuid na Státseirbhíse, Ciorclán 28/2009; ar íocadh incrimintí le foireann na n-áisíneachtaí sin ó 2008; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48605/12]
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nil aon fhreagracht dhíreach ar mo Roinnse maidir leis na Forais Fhorfheidhmithe Thuaidh-Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann. San dlínse seo tá an fhreagracht sin ar chúig Roinn Stáit: Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Uiscebhealaí Éireannn, an Foras Teanga Thuaidh/Theas a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Bord na hUltaise), an Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta (IdirThrádáil Éireann), an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse Éireann-Gníomhaireacht na Loch); Roinn Caitheachais Poiblí agus Athchóirithe (Clár Speisialta AE); an Roinn Sláinte (An Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia). De bhreis air seo, tá freagracht maidir le Turasóireacht Éireann ar an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.
No comments