Written answers
Wednesday, 18 July 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla
10:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 22: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. [35022/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin poiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, fuarthas timpeall 1,400 freagra ar shuirbhé maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí, chomh maith le 260 aighneacht ó hiliomad páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an pobal i gcoitinne. Tá anailís ar na moltaí éagsúla a fuarthas ar siúl ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.
Táthar ag súil go bhfoilseofar tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin san fhómhar chomh maith le torthaí an tsuirbhé agus na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad.
Tar éis don athbhreithniú a bheith curtha i gcrích, déanfar an cás do leasú na reachtaíochta a bhreithniú agus cuirfear moltaí cuí i dtaca leis sin faoi bhráid an Rialtais.
No comments