Written answers
Wednesday, 27 June 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Chonarthaí Comhairleoireachta
9:00 pm
Joe Higgins (Dublin West, Socialist Party)
Link to this: Individually | In context
Question 127: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndeachaigh Foras na Gaeilge i gcomhairle leis maidir le Gníomhaireacht Caidrimh Phoiblí a fhostú, cé go bhfuil a oifigeach preasa féin ag an bhForas. [31186/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar áisíneacht den Fhoras Teanga, déantar Foras na Gaeilge a mhaoiniú ó mo Roinnse agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, i gcomhréir le buiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.
Ós rud é go luíonn an fhreagracht maidir le bainistiú na háisíneachta ar Fhoras na Gaeilge féin, tuigfidh an Teachta nach bhfuil aon fheidhm agamsa ná ag mo Roinnse maidir le cinntí sonracha a thógtar i ndáil le bainistiú na háisíneachta ó lá go lá. Faoi réir chinneadh an bhoird, tuigtear dom go gcuireann comhlacht seachtrach seirbhís i ndáil le caidreamh poiblí ar fáil ar bhonn conartha d'Fhoras na Gaeilge.
No comments