Written answers

Tuesday, 19 June 2012

Department of Environment, Community and Local Government

Clar Forbartha Tuaithe

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 484: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a cheapfar comhlacht leis an gclár Leader a riaradh i nGaeltacht Chonamara; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29690/12]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Chuaigh Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), an grúpa atá conraithe ag mo Roinn chun seachadadh a dhéanamh ar Axes 3 & 4 (LEADER) den Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) sna ceantair Ghaeltachta, faoi leachtú ar 7 Meán Fómhair, 2011. Tá an próiseas ó thaobh dlí de maidir le 'imeachtaí foirceanta' ag dul ar aghaidh go fóill.

Tá Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla atá ag feidhmiú sna ceantair taobh leis na ceantair Ghaeltachta ceaptha chun córas eatramhach a chur i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí a dhéanamh leis na tionscadail sin atá go mór chun cinn ó thaobh forbartha de. Tá go leor de na comhaid seo curtha anois go dtí na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla ábhartha agus beidh siadsan i dteagbháil leis na tionscnóirí chun na híocaíochtaí a dhéanamh amach anseo.

Maidir le seachadadh Axes 3 & 4 (LEADER) den Chlár Forbartha Tuaithe sna ceantair Ghaeltachta sa tréimhse atá fágtha den Chlár, d'iarr mo Roinn léirithe spéise chun an clár a sheachadadh sna ceantair sin i Mí an Mhárta. Táthar ag scrúdú na haighneachtaí atá faighte chun na comhlachtaí is fearr chun an CFT a sheachadadh sna ceantair Ghaeltachta go léir, Conamara san áireamh, amach anseo a aimsiú. Tá súil agam go mbeidh deireadh leis an bpróiseas seo go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.