Written answers
Tuesday, 15 May 2012
Department of Education and Skills
An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
8:00 pm
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 198: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a fhoilseofar beartas a Roinn don Ghaeltacht ag eascairt as obair an Ghrúpa Oibre Ardleibhéil idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an a Roinn chun díriú ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i réimse gnímh an oideachais, ar Grúpa é a bunaíodh in Earrach na bliana 2011 faoi mhír 5.5 de Phlean forfheidhmithe na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030. [24219/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Ag eascairt as an obair a rinne an Grúpa Ardleibhéil, tá oifigigh as an Roinn Oideachais agus Scileanna ag comhoibriú go dlúth le hoifigigh as an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain. Tá roinnt bearta bainteach le hoideachas atá sa Straitéis ar siúl cheana féin agus tacóidh siad seo leis an oideachas i gceantair Ghaeltachta. Níl sé i gceist faoi láthair polasaí sainiúil a fhoilsiú a eascraíonn as obair an ghrúpa.
No comments