Written answers
Tuesday, 1 May 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Foras na Gaeilge
9:00 pm
Brian Stanley (Laois-Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 137: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige moltaí Chomhchoiste Thithe an Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a chur i bhfeidhm maidir leis an tSamhail Nua Maoinithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21657/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tuigim ó Chomhchoiste Thithe an Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Chultúr agus an Ghaeltacht go bhfuiltear ag súil tuarascáil agus moltaí i ndáil leis an díospóireacht ar an tSamhail Nua Mhaoinithe a chur ar fáil le linn mhí na Bealtaine. Ní mór dom a mheabhrú don Teachta, áfach, gurb é Foras na Gaeilge atá i mbun na hoibre seo ar an athbhreithniú ar an 19 n-eagraíocht bunmhaoinithe. Dá réir sin, glacaim leis go gcuirfidh Foras na Gaeilge moltaí an Chomhchoiste, mar aon leis na moltaí a tháinig chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a chríochnaigh ar an 2 Aibreán 2012, san áireamh agus tuarascáil á réiteach aige do bhord Fhoras na Gaeilge. Táthar ag súil go mbeidh tuarascáil chríochnúil Fhoras na Gaeilge faoin bpróiseas comhairliúcháin poiblí réidh le dul os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ag an gcéad chruinniú eile i bhfoirm rannach na teanga an samhradh seo.
No comments