Written answers
Tuesday, 24 April 2012
Department of Agriculture, Marine and Food
Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 645: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an mbeidh an scéim um roghanna comhshaoil talmhaíochta oscailte d'fheirmeoirí nua i 2012 a d'fhág an scéim cosanta comhshaoil tuaithe i 2011 agus a bhfuil a gcuid talún i limistéar oidhreachta nádúrtha/limistéar caomhantais speisialta; má bhíonn an scéim seo á ceadú i mbliana an mbeidh ar fheirmeoirí a gcuid pleananna a chur isteach roimh an 15 Bealtaine mar a bhí orthu faoi scéim 2011, rud a chuirfidh brú mór ar fheirmeoirí agus ar phleanálaithe araon; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20215/12]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá mé ag féachaint go gníomhach ar an bhféidearthacht leis an Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta a oscailt arís chun go bhféadfar iarratais a chur isteach ar bhonn leasaithe nó ar scála teoranta i 2012. An bhliain seo chugainn a thiocfaidh an costas lánbhliana maidir le scéim nua ar bith chun cinn agus caithfear é a chur san áireamh i Meastachán 2013 mo Roinne. Dá réir sin, beidh orm cinneadh a dhéanamh i gcomhthéacs na roghanna deacra a bheidh agam le fanacht laistigh den teorainn caiteachais laghdaithe le haghaidh 2013 atá aontaithe ag an Rialtas faoin Tuarascáil Chaiteachais Chuimsitheach 2012-14 agus go háirithe, maidir leis an mbealach a bhféadfaí scéim nua a airgeadú laistigh de na hacmhainní laghdaithe atá ar fáil dom agus an brú a chothódh sé ó thaobh an Vóta de. Is maith is eol dom na ceisteanna atá ardaithe ag an Teachta agus déanfaidh mé fógra maidir leis an ábhar seo in am trátha.
No comments