Written answers
Wednesday, 18 April 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Scéimeanna Ranna
10:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 712: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige scéim tithe na Gaeltachtaa athoscailt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18663/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, cuireadh an Scéim Tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta) 1929–2001 ar fionraí ar an 7 Aibreán 2009. Cé go bhfuiltear ag próiseáil na n-iarratas ar fad a bhí ceadaithe nó faighte ag mo Roinn sular cuireadh an scéim ar fionraí, níl i gceist an scéim a athoscailt faoi láthair. Beidh aon chinneadh a thógfar amach anseo i leith na scéime le déanamh i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus faoi réir pé acmhainní a bheidh ar fáil.
No comments