Written answers

Tuesday, 21 February 2012

Department of Agriculture, Marine and Food

Calafoirt agus Céanna

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 560: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a bheidh i gceist aige suirbhé measúnaithe chuí a dhéanamh ar chuan Chill Chiaráin agus ar chuan na Beirtrí Buí; an dtuigeann sé an phráinn a bhaineann leis seo de bharr an tsriain atá an easpa measúnaithe chuí a chur ar thionscal na n-oisrí sa chuan; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9588/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá na bánna seo ainmnithe mar Limistéir Chaomhantais Speisialta faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach agus/nó mar Limistéir faoi Chosaint Speisialta faoin Treoir maidir le hÉin ón Aontas Eorpach (láithreáin Natura 2000), nó tá siad in aice le limistéir dá leithéid.

Gach iarratas a bhaineann le bánna atá i gceantair 'Natura' nó in aice leo, ní mór measúnú iomchuí a dhéanamh air ar mhaithe leis na Treoracha maidir le hÉin agus le Gnáthóga ón Aontas Eorpach a chomhlíonadh ó thaobh na timpeallachta de. Tá mo Roinn, i gcomhar le Foras na Mara agus le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i mbun clár cuimsitheach d'fhonn na sonraí bonnlíne riachtanacha a bhailiú is iomchuí i gcomhair chuspóirí caomhnaithe na limistéar 'Natura.' Tá mórchuid an chláir bhailithe sonraí sin críochnaithe. Trí anailís a dhéanamh ar na sonraí, mar aon le leagan síos cuspóirí caomhantais iomchuí ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, beifear in ann gach iarratas nua, iarratas athnuachana agus iarratas ar athbhreithniú a mheas go hiomchuí chun a chinntiú go gcomhlíonfar na Treoracha maidir le hÉin agus le Gnáthóga ón Aontas Eorpach. Tríd an obair sin, tá infheistíocht shuntasach airgeadais, riaracháin agus eolaíochta á déanamh ag an Stát maidir le réiteach na ceiste. Tá Measúnú Iomchuí ar na hiarratais dobharshaothraithe a dhéanamh ar bhonn gach bá go leithleach. Ní féidir Measúnuithe Iomchuí a dhéanamh ach amháin tar éis don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra Cuspóirí Caomhantais a leagan síos. Táthar ag fanacht go bhfoilseoidh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra Cuspóirí Caomhantais i leith na mbánna sin.

Leanann mo Roinn ag déanamh gach iarrachta an t-ábhar seo a chur chun cinn i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus le Foras na Mara.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.