Written answers

Wednesday, 15 February 2012

Department of Education and Skills

Schools Building Projects

9:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 97: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cad é an staid reatha i gcás Scoil Náisiúnta Ghort an Choirce, Uimhir 16819T. Gealladh scoil nua do Ghort an Choirce ach anois, nuair nach bhfuil sin ag tarlú, tá athchóiriú agus méadú ar fhoirgneamh na scoile riachtanach go práinneach. An gcuirfidh an tAire eolas chun dáta ar fáil agus an ndéanfaidh sé ráiteas ar an ábhar seo. [8545/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Beidh fhios ag an Teachta nárbh fhéidir dul ar aghaidh le tógáil scoile nua do Scoil Náisiúnta Ghort an Choirce mar gur diúltaíodh cead pleanála don suíomh a bhí beartaithe.

Tá eolas maidir leis an gclár reatha tógála scoile mar aon leis na hiarratais mheasúnaithe go léir ar oibreacha móra caipitil, an tionscadal seo san áireamh, le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.education.ie.

Breithneofar cur ar aghaidh na dtionscadal mór tógála go léir, an tionscadal seo san áireamh, ag tabhairt aird ar an maoiniú caipitil atá ar fáil, agus ar an riachtanas le tosaíocht a bheith ag tionscadail mhóra, a theastaíonn chun freastal ar éileamh déimeagrafach, i ndáil le maoiniú dá leithéid. Ina leith sin, ní féidir fráma ama táscach a thabhairt do chur ar aghaidh an tionscadail seo ag an dtráth seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.