Written answers

Tuesday, 14 February 2012

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Sheirbhísí Craolacháin

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 400: To ask the Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an raibh comhráite aige le RTÉ maidir leis na ciorruithe atá déanta ag RTÉ ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar na bealaí craolacháin ar fad atá acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7898/12]

Photo of Pat RabbittePat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Bhuail mé le RTÉ ar roinnt ócáidí le bliain anuas maidir le réimse leathan ábhar. Ina measc sin, bhí an aeráid reatha eacnamaíochta agus an tionchar atá aige sin ar RTÉ i dtéarmaí a dheacrachtaí maoinithe. Is craoltóir náisiúnta neamhspleách seirbhíse poiblí í RTÉ ar a bhfuil an sainchúram agus na dualgais a léirítear san Acht Craolacháin 2009. Léiríonn Alt 114 den Acht na príomh cuspóirí ag RTÉ, ina measc an ceanglas go soláthraí sí réimse cuimsitheach clár san dá theanga, Gaeilge agus Béarla, a léiríonn éagsúlacht chultúrtha oileán na hÉireann ina iomláine.

Leagtar ar RTÉ ag Alt 102 den Acht go bhfoilsí sí Ráiteas Bliantúil i dtaobh Gealltanas Feidhmíochta ar aon dul lena cuid cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a bheadh i gceist ag RTÉ gealltanas a thabhairt ina dtaobh san mbliain airgeadais úd san áireamh ann. Leagtar ar RTÉ sa bhreis ar sin ag an Acht go ndéana Údarás Craolacháin na hÉireann athbhreithniú ar RTÉ ar bhonn an Ráitis i dtaobh an Ghealltanais Feidhmíochta arna fhoilsiú aici. Le déanaí fuair mé an Ráiteas i dtaobh Gealltanas Feidhmíochta de chuid RTÉ don mbliain 2012 agus ní amháin go léiríonn RTÉ ann a tiomantas do chlársceidealú na Gaeilge ach go seasann sí lena tiomantas ann freisin.

Foráiltear faoi Alt 98 go mbeidh RTÉ neamhspleách agus í i mbun a cuid cuspóirí a chur i bhfeidhm, faoi réir ceanglas an Achta, agus uaidh sin níl aon gnó agamsa, i gcáil dom mar Aire, i mbainistíocht ar chúrsaí RTÉ ó lá go lá, agus cúrsaí a bhaineann lena cuid craolacháin i leith na Gaeilge san áireamh. I gcáil dom mar Aire, áfach, táim go hiomlán sásta go bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a cuid dualgas i leith na Gaeilge, mura bhfuil sí ag dul thairis sin. Rud eile dhe, creidim go bhfuil an reachtaíocht láidir go leor chun féachaint chuige go leanann RTÉ d'athláithriú agus de chur chun cinn na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.