Written answers
Tuesday, 14 February 2012
Department of Education and Skills
Áiseanna Spóirt
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 255: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil cinneadh déanta aige ar iarratas le haghaidh áiseanna spóirt atá déanta ag scoil dara leibhéal i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8448/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Chuir an scoil i gceist iarratas ar Mhaoiniú Éigeandála faoi bhráid i mí Lúnasa 2010 chun an pháirc imeartha a uasghrádú. Os rud é go bhfuil scóip na n-oibreacha don tionscadal seo lasmuigh de théarmaí na Scéime Oibreacha Éigeandála ní féidir é a chur san áireamh i gcomhair mhaoiniú éigeandála. Eisíodh litir dhiúltaithe i leith an iarratais seo chuig údaráis na scoile ar 30ú Lúnasa 2010.
No comments