Written answers

Wednesday, 11 January 2012

Department of Agriculture, Marine and Food

Íocaíochtaí Deontas

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 729: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a bheidh iarratas feirmeora (sonraí tugtha) próiseáilte agus íocaíocht déanta leis faoi scéim na híocaíochta aonair, 2011; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41410/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Fuarthas iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta/Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ón duine ainmnithe ar an 1 Aibreán 2011. Roghnaíodh an t-iarratas seo le haghaidh Cigireachta Satailíte inar tugadh le tuiscint go raibh ró-éilimh i gceist. Dá éis sin deimhníodh na ró-éilimh nuair a rinneadh cigireacht ar an talamh ar na bearta. Le déanaí scríobhadh chuig an iarratasóir chun míniú a thabhairt ar na sonraí maidir lena phionós idir 3 agus 20% agus go bhfuil sé i dteideal achomharc a thaisceadh maidir le torthaí na cigireachta. Déileálfar go sciobtha le hachomharc ar bith den sórt sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.