Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Údarais Ranna

5:00 pm

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 21: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheidh an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla críochnaithe; an bhfuil sé i gceist aige tionchar Acht na Teangacha a leathnú, go dtí an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, mar shampla. [36560/11]

Photo of Jonathan O'BrienJonathan O'Brien (Cork North Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 28: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé rinne an cinneadh mar gheall ar Oifig an Choimisinéra Teanga a dhúnadh; cén dearcadh atá ag an Aire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi chúrsaí fostaíochta, buiséid, an chonartha, agus cóiríochta a bhaineann leis an gceist seo. [36569/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 21 agus 28 le chéile.

Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé ag tús mhí na Samhna go raibh mo Roinn chun athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais 2011-2016. Faoi théarmaí tagartha an athbhreithnithe, déanfar athbhreithniú cuimsitheach ar fheidhmiú an Achta, a thógfaidh san áireamh leasuithe inmholta a chinnteoidh gurb iad na seirbhísí poiblí atá le soláthar trí Ghaeilge na seirbhísí is mó a bhfuil éileamh orthu.

Mar chuid den athbhreithniú, tá próiseas comhairliúcháin i gceist thar thréimhse 3 mhí le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne. Is é 31 Eanáir 2012 an spriocdháta chun aighneachtaí a chur faoi bhráid mo Roinne.

Maidir le comhlachtaí poiblí eile a thabhairt faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá an cheist á breithniú ag mo Roinnse faoi láthair maidir le Rialacháin nua a dhéanamh leis an gcéad sceideal den Acht a uasdátú go cuí. Ar ndóigh, ní bheadh i gceist agam gníomh a ghlacadh faoin gceist sin go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar an Acht déanta agus na nithe a éireoidh as meáite go cuí.

Maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga, ní mór dom a mheabhrú don Teachta nach bhfuil an Oifig sin á scriosadh. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas go ndéanfar feidhmeanna na hOifige sin a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go ndéanfar an cinneadh sin a chur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht agus faoi réir cibé leasuithe reachtaíochta a mbeidh gá leo. Ina thaobh sin de, dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Tosaíochta Uimh. 28 inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.