Written answers
Wednesday, 14 September 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Caiteachas Ranna
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 458: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an caiteachas reatha agus caipitil go 31 Lúnasa, briste síos de réir na gceannteideal sna meastacháin, an soláthar don bhliain do gach ceannteideal agus an caiteachas a bhí tuartha go dtí an dáta sin sna próifíl a cuireadh chuig an Roinn Airgeadais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23488/11]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, tá leithdháiltí caiteachais mo Roinnse ag leibhéal fo-mhírchinn foilsithe sna Meastacháin Athbhreithnithe agus tá próifílí caiteachais foilsithe don bhliain 2011 ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá leithdháiltí na Roinne ag leibhéal fo-mhírchinn ar fáil ag an nasc thíos chun gur féidir tagairt a dhéanamh dóibh go héasca: http://per.gov.ie/wp-content/uploads/2011-REV.pdf
Is féidir breathnú ar chaiteachas maidir le próifílí foilsithe ag an nasc seo a leanas: http://www.finance.gov.ie/documents/exchequerstatements/2011/profilerevspendjuly2011.pdf
Mar eolas don Teachta, ar an 31 Lúnasa 2011, ba é €151.763m glanchaiteachas iomlán mo Roinnse. Ba ionann sin agus isteach agus amach le 94% den phróifíl foilsithe agus 57% den leithdháileadh sna Meastacháin Athbhreithnithe ar fiú €264.099m é. Déanann an tábla thíos achoimre ar dheighilt an chaiteachais sin idir caiteachas reatha agus caiteachas caipitil:
Leithdháileadh Meastacháin Athbhreithnithe 2011€000 | Caiteachas go 31 Lúnasa€000 | Próifíl go31 Lúnasa€000 | Caiteachas mar chéatadán den Phróifíl | |
Reatha | 209,532 | 129,790 | 134,201 | 97% |
Capitil | 54,567 | 21,973 | 26,634 | 82% |
Iomlán | 264,099 | 151,763 | 160,835 | 94% |
Tá an Teachta ar an eolas freisin, cé go ndéantar monatóireacht agus bainistiú ar bhonn rialta ar chaiteachas mo Roinnse i gcoibhneas le próifíl ag leibhéal fo-mhírchinn, gur figiúirí sealadacha figiúirí caiteachais leanúnacha dá leithéid agus tá siad faoi réir phromhadh inmheánach trí chóras bainistíochta airgeadais na Roinne agus, ar deireadh, faoi réir phromhadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ceapaim dá mbeadh tuarascálacha mionsonraithe inmheánacha ar chaiteachas ag leibhéal fo-mhírchinn le foilsiú roimh dheireadh na bliana go mbeadh breis promhaidh ag teastáil, chomh maith le méid díréireach ama agus oibre ar bhonn leanúnach, agus bheadh sé deacair seasamh leis sin.
No comments