Written answers
Tuesday, 12 July 2011
Department of Social Protection
Liúntais Gaeltachta
10:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 243: To ask the Aire Coimirce Sóisialaí an bhfuil sé i gceist aici leanúint léi ag íoc an liúntais Gaeltachta le feidhmeannaigh ó FSS ar ghrád Oifigigh Leasa Phobail atá lena n-aistriú isteach sa Roinn agus atá ag obair faoi láthair sa Roinn ar iasacht ó FSS; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19583/11]
Joan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Baineann an cheist seo le roinnt míreanna i dtaobh aistriú na seirbhíse leasa shóisialaigh go dtí an Roinn Coimirce Sóisialaí, míreanna atá tarchurtha go dtí an Chúirt Oibreachais lena gcinneadh go ceangailteach. Bhí éisteacht ann sa Chúirt Oibreachais ar 11 Iúil 2011. Nuair a bheidh an cinneadh ar fáil in am trátha socróidh sé stádas an liúntais Ghaeltachta a íoctar i láthair na huaire le hoifigigh leasa pobail a aistríodh go dtí an Roinn Coimirce Sóisialaí ar 1 Deireadh Fómhair 2011.
No comments