Written answers

Thursday, 14 April 2011

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Plean Ghaeltachta

5:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 16: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad é atá beartaithe maidir le plean Fhine Gael chun Gaeltacht a bhunú ar Oileán Chliara. [7965/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Faoi láthair, tá teorainneacha na Gaeltachta sainithe faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956. Faoi Ordú na Limistéar (Gaeltacht) 1956, aithníodh 84 toghroinn cheantair iomlán agus codanna de 58 toghroinn cheantair eile sa Ghaeltacht i gcontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Ghaillimh, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge. Cuireadh leis na teorainneacha sin trí huaire ó shin trí Orduithe éagsúla.

Tá míniú tugtha sa réamhrá leis na hOrduithe sin ar an gcúis gur bronnadh aitheantas Gaeltachta orthu:

De bhrí gur limistéir ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu nó limistéir ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad a áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathnú mar ghnáthurlabhra na limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

Mar is eol don Teachta, tá gealltanas tugtha i gClár an Rialtais go mbeidh an Rialtas ag tacú leis an Straitéis agus go gcuirfear na cuspóirí indéanta sa Straitéis i bhfeidhm. Tá an Coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas faoi chathaoirleacht an Taoisigh. Bhí an chéad chruinniú den Choiste Rialtais ann ar maidin. Glactar sa Straitéis le treo ginearálta na moltaí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht maidir le stádas Gaeltachta a bheith bunaithe ar chritéir teanga. Deirtear sa Straitéis freisin go ndéanfar ceantair ina bhfuil 'Gaeltacht gréasáin' a aithint i reachtaíocht nua le forbairt a dhéanamh ar phobail teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair. Ach reachtaíocht den chineál sin a bheith achtaithe, tá súil agam go mbeidh pobal Chliara sásta a bheith páirteach san iarracht náisiúnta chun an teanga a láidriú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.