Written answers
Tuesday, 1 June 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Bóithre Straitéiseacha
10:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 356: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh airgead á chur ar fáil i mbliana chun leanúint ar aghaidh le forbairt na mbóithre straitéiseacha Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh. [23375/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá soláthar de €2m curtha ar fáil i Meastacháin mo Roinne i 2010 chun bonneagar na Gaeltachta a fheabhsú, ar a n-áirítear bóithre, muiroibreacha agus grúpscéimeanna uisce. I gcomhthéacs na ngealltanas éagsúla atá ar láimh cheana féin i ndáil le feabhsúcháin den chineál seo, áfach, ní léir dom go mbeidh ar chumas mo Roinne-se deontais bhreise a cheadú i leith Bóithre Straitéiseacha sa Ghaeltacht sa ghearr-thréimhse.
No comments