Written answers

Thursday, 26 February 2009

Department of Education and Science

Aitheantais Scoile

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 59: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén soláthar don chóras Gaelscolaíochta a bheidh san áireamh i gcóras nua pleanála na Roinne do bhunú scoileanna nua i gceantair nua-fháis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7853/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol gan dabht don Teachta, bhunaigh mé le déanaí Meitheal Oibre Teicniúil faoin gCoimisiún um Chóiríocht Scoileanna chun tabhairt faoi athbhreithniú iomlán ar na critéir agus na nósanna imeachta i gcomhair aithint bunscoileanna nua, ina measc Gaelscoileanna. Tá an Meitheal Oibre tar éis tosú ar a chuid oibre agus táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú ar na nósanna imeachta i gcomhair aithint bunscoileanna curtha i gcrích, agus socruithe athbhreithnithe curtha ar bun, laistigh de scála ama dhá bhlian. Déanfar ionadaíocht do na Comhpháirtithe Oideachais go léir le linn an phróiseas athbhreithnithe seo.

San idirlinn níl sé i gceist aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua ar bith, ach amháin i gceantair nach féidir fónamh ar na méaduithe i líon na ndaltaí iontu insna scoileanna atá ann cheana, agus inar gá scoileanna nua a sholáthar. Ciallaíonn sé seo nach mbunófar scoileanna nua ar fháthanna nach mbaineann le fás déimeagrafach i gceantair ina bhfuil dóthain cóiríocht scoile cheana féin nó inar féidir fónamh ar mhéaduithe trí chur leis an gcóiríocht scoile atá ann faoi láthair. Tá sé de rogha, ar ndóigh, ag scoileanna atá ann faoi láthair iarratas a chur isteach faoi Chlár Tógála Chaipitiúil ar scála mór mo Roinne chun fónamh ar riachtanais cóiríochta fadtéarma agus ar an éileamh méadaitheach ar ionaid. Measúnaítear gach iarratas dá leithéid sin i gcomhthéacs na déimeagrafaice mar atá sí faoi láthair i gceantar agus mar a réamh-mheastar go mbeidh sí amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.