Written answers

Wednesday, 31 January 2007

Department of Finance

Comhfhreagras Ranna

8:00 am

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 572: To ask the Aire Airgeadais cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2387/07]

Photo of Brian CowenBrian Cowen (Laois-Offaly, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Deirtear i gCairt Chustaiméirí na Roinne Airgeadais go bhfuil sé d'aidhm ag an Roinn a chinntiú go mbíonn réimse iomlán ár seirbhísí, do dhaoine aonair, do chomhlachtaí agus do chliaint chorparáideacha ar an gcaighdeán is airde ar gach dóigh. Féachann an Roinn lena cuid seirbhísí a sheachadadh ar chaoi atá cúirtéiseach, cothrom agus neamhchlaon, agus le híogaireacht maidir le sainriachtanais agus cúinsí speisialta ár gcustaiméirí, agus le hurraim dá gcearta faoin reachtaíocht chomhionannais agus reachtaíocht eile. Déanann an Roinn gach iarracht chun riar ar chustaiméir ́ar mian leo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cuirtear freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras a fhaightear i nGaeilge.

Maidir le haighneachtaí Aire, is í an aidhm freagra iomlán a chur ar 75% den chomhfhreagras laistigh de 15 lá oibre. Is cuma ma bhíonn an comhfhreagras seo i mBéarla nó i nGaeilge. Maidir leis an 5,009 mír de chomhfhreagras Aire a fuarthas sa bhliain 2006, ar an meán, freagraíodh timpeall 37% díobh laistigh de 3 lá oibre, 55% laistigh de 10 lá oibre, 67% laistigh de 15 lá oibre, agus 75% laistigh de 22 lá oibre, cé gur athraigh na céatadáin le linn na bliana. Braitheann an tréimhse freagartha, áfach, ar roinnt cúiseanna ar nós nádúr na cumarsáide, castacht na ceiste atá le plé, nó a mhalairt, agus an méid comhchomhairliúcháin nó taighde is gá a dhéanamh chun freagra iomlán a thabhairt ar chomhfhreagróir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.