Seanad debates

Tuesday, 27 March 2012

Aistriúchán de Bhillí agus Ionstraimí Reachtúla

 

5:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is deacair do dhuine teacht isteach ar lá chomh breá leis seo ach táim buíoch de as bheith anseo.

Tá an cheist seo ag eascairt ó dhúshlán cúirte a bhí le tógáil ag comhairleoir as Baile Átha Cliath maidir leis an Bhille Rialtas Áitiúil (Muirear Teaghlaigh). Baineann seo leis an leagan Gaeilge de Bhillí Stáit a bheith le fáil. Tá réimse Billí nach bhfuil aistrithe go Gaeilge go fóilleach agus is faillí mhór é sin dúinne mar Ghaeilgeoirí; níl sé ceart nó cóir nach mbeadh leagan Gaeilge de Bhille ar fáil dúinn agus sinn ag déanamh ár gcuid gnó sa tír seo.

Léirigh Sinn Féin ár ndíomá nuair a tháinig an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais isteach roinnt míonna ó shin nuair a d'áirigh sé an dualgas a bhí ar an Stát maidir le foilsiú comhuaineach de na Billí nuair atá siad achtaithe ag Tithe an Oireachtais; gur féidir anois iad a chur ar fáil i mBéarla amháin agus gur féidir an leagan Gaeilge a chur ar fáil tamaillín ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, táimid ag ardú na ceiste anocht maidir leis na Billí. Cé mhéid Billí nach bhfuil aistrithe go Gaeilge go fóill? Tá sin fíor-thábhachtach mar tá sé tábhachtach go dtuigfimid cad iad na réimsí a bhfuil na Billí seo ann.

Tógadh cás i gContae Mhaigh Eo anuraidh. Bhí beirt tabhairneóir ag lorg ceadúnais arís don phub a bhí acu. Chuir na gardaí ina choinne sin ach caitheadh an cás amach as an chúirt ar an mbunús nach raibh leagan Gaeilge den Bhille áirithe ar fáil. Má tá Bille le cur i bhfeidhm agus má tá dlí na tíre le leanacht, ba chóir go mbeadh duine in ann é a leanacht i nGaeilge agus i mBéarla más toil leis sin a dhéanamh.

Tá amhras agus imní orm mar tuigim ón chás faoin mhuirear teaghlaigh nár cuireadh eolas ar fáil go dtí gur chuir an pobal brú ar an Stát leagan Gaeilge den eolas a chur ar fáil ar an suíomh Idirlíne mar ní raibh sé ar fáil go comhuaineach.

Cé mhéad Bille eile atá fós le n-aistriú go Gaeilge? Cad é an sceideal atá ag an Rialtas le déanamh cinnte go n-aistreofar iad? An bhfuil an Rialtas chun na hacmhainní cuí a chur ar fáil go ndéanfar a leithéid chomh tapaidh agus is féidir? An bhfuil an tAire Stáit in ann léargas a thabhairt dúinn ar caitheadh amach cásanna eile cosúil leis sin i gContae Mhaigh Eo as an gcúirt ar an mbunús nach raibh leagan Gaeilge den Bhille ar an dlí a bhí in ainm is a bheith dá shárú ar fáil? Tá sé fíor-thábhachtach go mbeimis in ann sinn a thuiscint mar, sa chomhthéacs níos leithne, dar linn, níl an Stát nó an Rialtas seo i ndáiríre faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá ról an Choimisinéara Teanga i mbaol de réir cosúlachta, tá go leor de na Ranna Stáit nach bhfuil ag comhlíonadh a ndualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dá mbeadh coimisinéir láidir againn, bheadh sé in ann aird a tharraingt ar an chineál sin ceisteanna. Tharraing an coimisinéir aird air seo tamall de bhlianta ó shin.

Tá súil agam go bhfuil freagra dearfach ag an Aire Stáit ar an gceist seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tugaim buíochas don Seanadóir as deis a thabhairt dom teacht isteach agus freagra a thabhairt ar an cheist seo. Ceist chasta í ceist na n-ionstraimí reachtúla. Ar dtús, níl aon chúraimí reachtúla orm féin ná ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa réimse seo, cé is moite de na hionstraimí reachtúla a dhéanfaimis dár Roinn féin. Is é sin le rá, níl aon tagairt in aon reachtaíocht don fhreagracht seo a bheith luaite le haon Roinn ar leith. Tuigtear dom gurbh nós do Thithe an Oireachtais ionstraimí a aistriú go Gaeilge go dtí tús na 1980í, cé nach raibh aon dualgas reachtúil orthu é sin a dhéanamh.

An chúis is mó a bhfuil mé ag caint leis an Seanadóir inniu ná go bhfuil mo Roinn freagrach as an mBille um Leasú Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais, atá ar liosta reachtaíochta an Rialtais. Sin dáiríre an freagra is fearr agus is soiléire is féidir a thabhairt ar cheist an tSeanadóra ag an phointe seo. Nuair a bheidh an Bille sin achtaithe, beidh sé an-soiléir sa reachtaíocht den chéad uair riamh cé atá freagrach as an tseirbhís seo.

Nuair a d'éirigh Tithe an Oireachtais as ionstraimí a aistriú sna 1980í, tuigeadh tar éis tamaill gur faoi gach Roinn Rialtais a bhí sé a gcuid ionstraimí féin a aistriú. Is eolas poiblí é nár aistríodh cuid mhaith de na hionstraimí thar na blianta. Tógadh cás i gcoinne an Stáit ag leibhéal na hArd-Chúirte i 2002, ag maíomh go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge. Chaill an Stát an cás san Ard-Chúirt ach bhuaigh sé é sa Chúirt Uachtarach. Cé gur chinn an Chúirt Uachtarach nach raibh dualgas ginearálta bunreachtúil ar an Stát ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge, is fiú a thabhairt faoi deara go dúirt an Chúirt freisin go bhféadfadh saoránach aonair fós a bheith i dteideal leagan Gaeilge a iarraidh d'ionstraim ar leith i gcás ar leith.

Chinn an Rialtas deireanach ar aonad aistriúcháin a bhunú sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí, le haire a thabhairt do cheist na n-ionstraimí reachtúla le linn dá achomharc a bheith os comhair na Cúirte Uachtaraí. Ag glacadh san áireamh comhairle ón Ard-Aighne ag an am, cinneadh leanúint ar aghaidh le cur chuige an Aonaid seo, ainneoin an chinnidh sa Chúirt Uachtarach, go háirithe i gcomhthéacs stádas na Gaeilge ag leibhéal an Aontais Eorpaigh. Aithníodh ag an am, áfach, go raibh brú nach beag ar acmhainní an Stáit. Sa chomhthéacs seo, deimhníodh go gcaithfí an polasaí seo a bhrú chun cinn ar bhealach tomhaiste céimnithe a chuirfeadh acmhainní an Stáit san áireamh.

Cé go bhfuil an Rialtas seo i bhfách i gcónaí le haidhm an pholasaí seo, d'aithin muid chomh maith go raibh an scéal imithe in olcas go mór maidir le hacmhainní an Stáit. Sin an fáth ar chinn muid na seirbhísí aistriúcháin a lonnú in áit amháin, i dTithe an Oireachtais, mar chuid den chuíchóiriú atá muid ag iarraidh a dhéanamh ar sheirbhísí an Stáit go ginearálta. Tá súil agam go dtuigeann an Seanadóir go bhfuil loighic ag baint leis seo. Ar an gcéad dul síos, ba iad na Tithe a bhí ag aistriú na reachtaíochta ó bunaíodh an Stát. Ar an dara dul síos, tá deimhnithe sa reachtaíocht cheana gurb é Coimisiún na dTithe atá freagrach as Achtanna a aistriú. Nuair a chuirtear san áireamh an oiread taithí agus saineolais atá carntha thar na blianta ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais, is léir go luíonn sé le ciall is le réasún go mbronnfaí cúram na n-ionstraimí reachtúla uirthi go hoifigiúil chomh maith, go háirithe i gcúinsí reatha eacnamaíochta an Stáit.

Tá súil agam gur léir don Seanadóir faoin am seo a chasta is atá ceist na n-ionstraimí reachtúla. Toisc an stair seo, is deacair freagra cruinn beacht a thabhairt ar a chuid ceisteanna. Féadfaidh mé a dheimhniú don Teach seo, áfach, go bhfuil an Rialtas seo an-chinnte go gcuirfear réiteach i bhfeidhm anois, a bhuíochas leis an Bhille atá luaite agam, a bhfuil sé mar sprioc aige a chinntiú nach mbeimid sa riocht seo amach anseo.

Ar ndóigh, mar a thuigeann an Seanadóir, beidh deis againn, nuair a bheidh an reachtaíocht sin á plé sa Teach seo, na cúrsaí seo uile a chíoradh go grinn.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Níl mé sásta leis sin, beag nó mór. Níor tugadh freagra ar an gceist a chuir mé. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit ag rá go bhfuil reachtaíocht nua ag teacht isteach ach an cheist a chuir mé ná cad iad na Billí nach bhfuil aistrithe, cé mhéad acu atá ann, cénuair atá sé i gceist sin a dhéanamh agus cé mhéad cás a caitheadh amach as na cúirteanna de bharr nach raibh na Billí aistrithe go Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an t-eolas bunúsach sin againn. Is cosúil go bhfuil an Rialtas ag dul timpeall ar an gceist a chuir mé anseo mar is dócha go bhfuil go leor leor Billí fós le haistriú. Ní ghlacaim gur tugadh freagra ar bith ar mo cheist. An bhféadfadh an tAire Stáit dul ar ais agus labhairt leis an Aire Dlí is Cirt agus Comhionannais le fáil amach cé mhéad Bille nach bhfuil aistrithe go Gaeilge fós agus ar caitheadh amach mórán cásanna as na cúirteanna de bharr nach raibh leagan Gaeilge den bhun-Bhille ar fáil?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An Billí nó ionstraimí atá i gceist ag an Seanadóir?

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Táim ag caint, mar shampla, faoin mhuirear teaghlaigh. Má thógtar duine chun cúirte an féidir a rá nach bhfuil leagan Gaeilge den Bhille ar fáil, más Bille nó ionstraim a chuireann i bhfeidhm é. Ba chóir go mbeadh an Bille agus an ionstraim reachtúil a théann leis ar fáil i nGaeilge. Cad iad na Billí atá achtaithe nach bhfuil ar fáil trí mheán na Gaeilge agus cé mhéad cás a caitheadh amach as na cúirteanna mar thoradh air sin?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

B'fhéidir go mbeadh sé níos fusa uimhir na mBillí a fháil ná uimhir na n-ionstraimí. D'fhéadfadh an-chuid ionstraimí a bheith ann. Táimid ag dul siar breis 30 bliain agus tá obair uafásach ann chun sin a dhéanamh. Tá sé faoi gach Roinn a cuid ionstraimí féin a aistriú. Ní raibh muid ábalta cuntas cruinn a thabhairt air sin ach nuair a bheidh an Bille fríd, beidh sé ar bhonn reachtúil agus beimid ábalta dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé, b'fhéidir go mbeimis in ann uimhir na mBillí a fháil ach bheadh sé beagnach dodhéanta ag an phointe seo gan an-chuid oibre a chur isteach ann cad é an méid ionstraimí nach bhfuil aistrithe. Tuigim gur mhaith leis an Seanadóir fáil amach ach an tsuim atá agam as seo amach go dtí go mbeidh an Bille achtaithe, gur féidr linn bualadh ar aghaidh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Sin an cheist a chuir mé: cé mhéad Bille atá i gceist?

Photo of Denis O'DonovanDenis O'Donovan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Glacaim nach bhfuil an Seanadóir sásta ach caithfimid dul ar aghaidh chuig an chéad rud eile.