Seanad debates

Wednesday, 16 July 2014

Adjournment Matters

Seirbhísí Eitilte

6:05 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit agus gabhaim comhghairdeas leis as ucht a cheapachán - tá a fhios agam go bhfuil sé ag tarraingt neart cainte. Bíodh sin mar atá, tá an tAire Stáit sa ról anois agus tá súil agam go n-éireoidh go maith leis ann. Táim cinnte go mbeidh muid i gcomhrá go minic sa Seanad ar an Athló.

Baineann an cheist atá á ardú agam anocht leis na haerstráicí ar an gCloigeann agus Inis Bó Finne i gContae na Gaillimhe. Mar atá a fhios againn, tá seirbhís aeir go dtí na hOileáin Árainn le blianta fada anuas. Éiríonn go maith le sin agus tá sé riachtanach go mbeadh a leithéid de sheirbhís ann. Tá an Roinn a bhfuil an tAire Stáit freagrach as tar éis tacaíochta a thabhairt dó sin agus tar éis geallúint go dtabharfaidh sé tacaíocht dó ar feadh bliana eile. Ach tá ceist agam maidir leis na haerstráicí ar an gCloigeann agus in Inis Bó Finne.

Bhí plean ann go mbeadh seirbhís, cosúil leis an seirbhís go hOileáin Árainn, ag imeacht ón gCloigeann go hInis Bó Finne, ach, faraor, níl sé sin chun tarlú faoi láthair. Bheadh duine ag rá, b'fhéidir, gur airgead amú mar sin a bhí sna haerstráicí. Ach is léir go gceapann daoine eile nach bhfuil an t-airgead imithe amú agus go bhfuil úsáid gur féidir a bhaint astu, go háirithe an ceann ar an gCloigeann. Tuigtear dom go raibh Garda Cósta na hÉireann ag féachaint ar an suíomh sin. Tá an ceantar sin iargúlta, ach tá riachtanais go leor ann ó thaobh an Aerchóir agus ó thaobh cúrsaí sláinte agus mar sin de. Dá mbeadh aon duine tinn, d'fhéadfaidís túirlingt in áit cosúil leis an gCloigeann. Tá a fhios agam freisin go bhfuil daoine príobháideacha chomh maith ag léiriú suime san aerstráice agus sna foirgnimh atá ann.

Tuigtear dom gur leis an Roinn iad na haerstráicí seo. Cén plean atá ag an Roinn maidir leis na haerstráicí sin. An bhfuil sé chun iad a dhíol, cé leis an bhfuil sé ag caint agus an féidir tuairimí an phobail a thógáil san áireamh maidir leis na pleananna atá i gceist? Má tá úsáid phobail, ar nós úsáid do Garda Cósta na hÉireann, gur féidir a bhaint astu, ba cheart go dtógfaí sin san áireamh

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.