Seanad debates

Wednesday, 29 February 2012

12:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Cuirim leis na briathra ómóis don iar-Sheanadóir Mickey Doherty thar ceann pháirtí Shinn Féin sa Teach seo. Casadh lena mhuintir, Máire agus Séamus, atá anseo, lena chairde agus lena ghaolta ar fad agus go háirithe le muintir Fhianna Fáil a bhí mór leis. Is léir óna chomhghleacaithe Rialtais agus iar-Rialtais, idir an Seanad, an Dáil agus eile, agus mar is léir ó na briathra go dtí seo, gur duine é a raibh ard-mheas air, an-spraoi ann agus an-chion ag daoine air. Is cinnte go bhfuil sé feiliúnach go mbeimis sa Seanad ag tabhairt ómóis do na daoine a chuaigh romhainn mar tá sé fíorthábhachtach go n-aithnímid an t-ionchur a bhí ag daoine sa phróiseas pharlaiminteach ar fad agus an chaoi go gcuireann siad le cúrsaí polaitíochta sa tír seo. Cé go mbeimis ag easaontú ó am go chéile ó thaobh polasaí agus eile, tá sé fíorthábhachtach go bhfuil ómós ann dá chineál agus thar ceann Sinn Féin ba mhaith liom sin a chur in iúl.

On behalf of Sinn Féin, I add to the sentiment of what has been said by previous speakers. I did not know Mickey Doherty but I have heard about him and having heard some of the stories we have heard today, I would love to hear more of them and I would say we surely will in the next couple of years. It is important that the Seanad takes time out to pay respect to those people who have served in this House and in the public sphere. It is a great sacrifice to make on their own behalf and on behalf of their families and, on behalf of Sinn Féin, I convey our condolences to Maura and Séamus who are here in the Gallery. I am sure Mickey was central to a lot of the work done by the iar-Thaoiseach, Albert Reynolds, on behalf of the peace process, which was greatly welcome. It is important we recognise those who went before us and learn and respect what they stood for and achieved.

Thar ceann páirtí s'againne, ba mhaith liom suaimhneas faoi shíoraí a ghuí air agus ar chuile duine a chuaigh romhainn. Beannacht dhílis Dé lena anam agus go dtuga Dia slán é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.