Dáil debates

Thursday, 3 April 2008

Priority Questions

Teorainneacha na Gaeltachta.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 4: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé le leagan amach theorainneacha na Gaeltachta, de bhun na moltaí sa staidéar teangeolaíoch a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, a fhágáil faoi choimisiún neamhspleách saineolaithe faoi chathaoirleacht breithimh den Ard-Chúirt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12324/08]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá cinneadh glactha ag an Rialtas coiste ag leibhéal comh-aireachta a bhunú chun breathnú ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí sa tuarascáil a d'eascair ón staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar sin, níl cinneadh déanta ag an Rialtas ag an bpointe seo maidir le haon moladh sa tuarascáil. Tá an chéad cruinniú den choiste comh-aireachta socruithe don 10 Aibreán 2008.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ar a laghad, chuir an Aire Stáit in iúl don Teach go dtitfidh an chéad cruinniú den choiste comh-aireachta amach ar 10 Aibreán — an tseachtain seo chugainn. Ar ndóigh, bunaíodh an choiste tamall fada ó shin. Is mór an trua é nach raibh cruinniú ar bith go dtí seo. An aontaíonn an Aire Stáit gurb é an géarchéim atá ann maidir leis cúrsaí Gaeilge agus labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht i láthair na huaire ná nach féidir linn moill den shórt seo a shárú? An aontaíonn sé go bhfuil an tuaraisc seo curtha ar fáil don Roinn agus don Rialtas le blian anuas? Níl an chéad cruinniú ach ag teacht anois i gceann seachtaine — tá bliain iomlán curtha amú. An bhfuil aon tuaraim ag an Aire Stáit maidir le cén uair ina mbeidh plean cuimsitheach 20 bliain á fhoilsiú agus á chuir i bhfeidhm maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus, go háirithe, teorainneacha na Gaeltachta?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mé cinnte go dtuigeann an Teachta gurb é seo an staidéir is cuimsithí ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a dhéanadh riamh. Tá ceithre imleabhar ar fad sa tuarascáil. Tá moltaí forleathana agus radacacha déanta. Beidh impleachtaí móra ag baint leis na cinntí a dhéanfar de réir an staidéar seo. Sílim go bhfuil sé tábhachtach léirsmaoineamh iomlán scolártha a dhéanamh ar an mbealach ar aghaidh. Is é sin an fáth a bunaíodh coiste comh-aireachta ag leibhéal an Rialtais chun an obair seo a dhéanamh. Ní aontaím leis an Teachta nuair a deireann sé, mar a thuigim é, nach bhfuil moltaí na tuarascála á chuir i bhfeidhm. Tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ag dul i ngleic leis an dúshlán atá aitheanta sa tuarascáil seo ar bhonn leanúnach. Mar shampla, tá próiséas pleanála teanga bunaithe sa Ghaeltacht. Tá cúnamh ar fáil le haghaidh campaí samhraidh agus naíonraí sa Ghaeltacht. Tá cúntóirí teanga curtha ar fáil do scoileanna Gaeltachta. Beidh an obair sin ag dul ar aghaidh fad is atá an choiste comh-aireachta ag feidhmiú.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá eolas ag an Aire Stáit ar an Ghaeilge. Tá ceangail aige leis na Gaeltachtaí le fada an lá. An bhfuil sé a dhearcadh nó a thuaraim féin ná go bhfuil gach rud i gceart sa Ghaeltacht? An aontaíonn sé go bhfuil deacrachtaí móra ag an teanga, fiú amháin sna ceantair Gaeltachta atá ann i láthair na huaire? Cad é dearcadh an Aire Stáit ar sin?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I measc na haidhmeanna a bhí ann nuair a chuireadh an tuarascáil seo ar bun i dtús, bhí an Roinn ag iarraidh a fháil amach cad iad na fadhbanna atá ann i leith na Gaeilge. Tá mé cinnte go mbeidh seans níos fearr againn na ceisteanna seo a phlé nuair a bheidh toradh na coiste chomh-aireachta ar fáil agus á phlé againn anseo sa fo-choiste. Beidh díospóireacht againn mar gheall ar na catagóir A, B agus C agus an stádas gur chóir go mbeadh ag gach ceann de na catagóir sin. Ba mhaith liom go beadh stádas na Gaeilge mórthimpeall na tíre i bhfad níos fearr, ach caithfimid tosnú san áit ina bhfuilimid faoi láthair.