Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

2:00 pm

Photo of Tom KittTom Kitt (Dublin South, Fianna Fail)

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Michael Kennedy. Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go raibh sé mar onóir dom a bheith mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta fad agus a bhí an coiste dul i gcomhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin tábhachtach seo, tugadh cuireadh do sé eagraíocht, Conradh na Gaeilge, Comhluadar agus Foras na Gaeilge ina measc, cur i láthair a dhéanamh os comhair an chomhchoiste Oireachtais ag tús na bliana. Is fiú a luaigh gurb í an chéad uair riamh do TG4 obair an chomhchoiste a chraoladh beo ar an teilifís. Ní hamháin sin, ach thaisteal toscaireacht de chuid an chomhchoiste siar go hIndreabhán i gConamara chun an straiteis a phléle muintir na Gaeltachta. Rinne an comhchoiste gach iarracht dul i gcomhairle le hionadaithe ó gach réimse de shaol na Gaeilge, in ngach cearn den tír, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin i dtaca leis an straitéis. Theastaigh ón gcomhchoiste a chinntiú go raibh ionchur ag na páirtithe leasmhara ar fad ins na moltaí a chuireamar le chéile i dtuarascáil don Aire le déanaí. Bhí sé tábhachtach go ndeachaigh an comhchoiste chun na Gaeltachta chun dul i mbun cainte le pobal labhartha na Gaeilge go díreach, agus go raibh deis ag muintir na Gaeltachta a dtuairimí a chur in iúl dúinn.

Táimid an-sásta gur baineadh leas as an gcomhchoiste mar fhóram poiblí chun plé a chéanamh ar na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann leis an teanga agus leis an straitéis, agus táimid an-bhuíoch gur ghlac na heagrais Ghaeilge agus pobal na teanga páirt chomh lárnach sa phróiseas comhairliúcháin. Tá ardmholadh ar leith ag dul don bhfochoiste faoin chathaoirleach, Seanadóir Labhrás Ó Murchú, a chur an tuarascáil dheireanach le chéile ar son an chomhchoiste freisin. Is mór agam go raibh comhairliúchán chomh hoscailte, iomlán againn le pobal na Gaeilge le beagnach bliain anuas, rud a chinntíonn go bhfuil na moltaí ar fad sa tuarascáil ceangailte isteach sa mhórphictiúr do thodhchaí na teanga sna blianta amach romhainn.

Táimid ag moladh go mór, mar sin, go nglacfaí leis na moltaí uile ón gcomhchoiste chun an straitéis a neartú, agus chun a chinntiú go mbaintear spriocanna na straitéise maidir le chur chun cinn na Gaeilge amach idir seo agus 2030. Is fiú aird ar leith a tharraingt ar chuid de na moltaí sa tuarascáil áfach.

Caithfear an Ghaeltacht a chosaint go práinneach agus is gá dearbhú a chur sa straitéis nach mbainfidh beartas dátheangachais leis an nGaeltacht agus nach gcuirtear a leithéid i bhfeidhm sa Ghaeltacht riamh. Braitheann inmharthanacht na Gaeilge ar bheocht leanúnach na bpobal Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail; mar theanga cheannasach an teaghlaigh; agus mar phríomhtheanga an pháiste sna blianta tosaigh is tábhachtaí ó thaobh fhorbairt an linbh de. Braitheann beocht leanúnach na bpobal Gaeltachta ar chumas forbartha agus ar chothú fhostaíochta freisin, agus ní mór é seo a dhéanamh trína chinntiú go gcuirtear an maoiniú agus na hacmhainní cuí ar fáil chuige seo tríd an straitéis. Ó is gné chroí-lárnach de shlánú na Gaeilge é geilleagar Gaeltachta láidir a chothú, moltar i dtuarascáil an chomhchoiste gur cheart an ról príomhúil chun geilleagar agus bonneagar na Gaeltachta a fhorbairt a fhágáil faoi Údarás na Gaeltachta chuige seo.

Molann an comhchoiste freisin gur chóir athstruchtúrú a dhéanamh ar an gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mar chuideachta reáchtúil. Ba chóir go mbeidh cumhachtaí mínithe aici i ndáil le hiionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus ar mholtaí pháirtithe leasmhara na Gaeilge maidir le beartas oideachais a cheapadh don Ghaeltacht agus do phobal na Gaeilge. Géar-riachtanas is ea é go múinfí an Ghaeilge go héifeachtach ó thús go deireadh an chórais oideachais i ngach áit sa tír. Tá géarghá le siollabas nua don Ghaeilge a fhorbairt ó leibhéal na naíonán beaga go leibhéal na hardteistiméireachta, mar shampla, siollabas a chuirfidh riachtanais fhorbartha teangeolaíochta cainteoirí dúchais, daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus daltaí inniúla Gaeilge eile san áireamh, agus go gcuirfí acmhainní ar fáil go leanúnach leis an gcúrsa seo a chur á fheidhmiú.

Ní hamháin sin ach tá sé de cheart ag gach tuismitheoir oideachas lán-Ghaeilge a roghnú dá bpáistí agus molann an comhchoiste go láidir go gcinntítear soláthar dóthanach don Ghaeloideachas do phobal uile na tíre. Ba chóir go mbeadh an rogha d'oideachas trí Ghaeilge mar chritéir ag an Roinn Oideachais agus Scileanna nuair atá suímh nua á roghnú acu do scoileanna nua chun é seo a chinntiú. Is sampla í Gaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí. Is í an t-aon scoil a d'oscail gan aitheantas ná tacaíocht airgid ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar an 30 Lúnasa i mbliana. Roimh oscailt Ghaelscoil Ráth Tó, níor osclaíodh Gaelscoil sna 26 Chontae ón bliain 2008. Is léir ó liosta tinrimh na scoile go bhfuil an-éileamh ann i measc an phobail don Ghaelscoil agus ní chóir go mbeadh aon bhac ar thuismitheoirí ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí i Ráth Tó ná in áit ar bith eile sa tír.

Mar fhocall scoir, ba mhaith liom a rá gur tuar dóchais don todhchaí é an tacaíocht tras-phobal atá ann don straitéis 20 bliain don Ghaeilge, agus an tacaíocht pholaitíochta tras-pháirtí atá bainte amach ag an gcomhchoiste sa tuarascáil seo i dtaca leis an straitéis. Tá na moltaí ar fad a rinneamar sa tuarascáil ag eascairt as an bplé a bhí againn le heagrais Ghaeilge, le pobal labhartha na Gaeilge - sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht araon - agus tá siad aontaithe ag na hionadaithe ar fad ó na páirtithe éagsúla atá ar an gcomhchoiste. Ní mór dúinn anois an deis a thapú chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm sa straitéis. Braitheann na moltaí ar fad a luaitear sa tuarascáil go mór ar a chéile agus de bharr seo, braitheann rath na straitéise ar na moltaí ar fad a ghlacadh agus a cheangail isteach sa dréacht dheireanach den straitéis ina n-iomláine.

Tá súil agam go n-aontaíonn an Dáil liom, agus tá súil agam go nglacfar moltaí uile an chomchoiste san áireamh ina n-iomláine sa atraitéis 20 bliain don Ghaeilge ag an staid dheireanach seo den phróiseas comhairliúcháin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.