Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

2:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as an deis labhartha seo. Is trua é nach bhfuilimid ag déileáil le rún chun tacaíocht iomlán a thabhairt don méid a dúirt an comhchoiste. Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag caint ní hamháin faoin dréachtpholasaí ach faoi tuairisc an comhchoiste freisin. D'aithin an comhchoiste fadhbanna leis an dréachtpholasaí, chomh maith le réimsí inar theip ar an Rialtas dul fada go leor. In ainneoin mo ghearán nach bhfuilimid ag déileáil le rún, tá súil agam go nglacfaidh an Aire go huile agus go hiomlán leis na moltaí atá sa tuairisc lena bhfuilimid ag plé faoi lathair. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair don Rialtas a leithéid a dhéanamh anois agus arís. D'fhoilsíodh an tuairisc trí mhí go leith ó shin. Is leor ama é sin chun déileáil le aon tuairisc agus aitheantas a thabhairt dos na moltaí atá inti. Sa chás seo, tá sé in am don Rialtas cinneadh a dhéanamh ar cad go díreach a tharlóidh maidir leis na 36 moltaí a rinne a comhchoiste.

D'fhéadfainn bheith diúltach amach is amach faoin straitéis seo. Déanfaidh mé iarracht é sin a sheachaint. Bhíomar anseo go minic cheana. Níl sé seo an chéad uair gur foilsíodh straitéis, nó go raibh an Rialtas ag maíomh go ndéanfaí rud éigin chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tharrtháil. Is maith an rud é go bhfuil an Aire anseo agus gur aithin sé go bhfuil géarchéim i gceist sa chomhthéacs seo. Is í an fadhb atá againn ná go bhfuil na deacrachtaí seo aitheanta le blianta fada, ach níl éinne faoi dheifir chun déileáil leo. Tá iomarca ama caite againn ag plé leis an Ghaeilge gan aon toradh air go dtí seo. Dúirt an Aire gur éacht é go bhfuil an Ghaeilge againn go fóill. Má chreideann sé é sin, agus gur ceist práinneach í an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tharrtháil, caithfidh sé fuadar a chur faoi na moltaí sa straitéis 20 bliain agus i dtuairisc an chomhchoiste. Is féidir roinnt dóibh a dhéanamh gan reachtaíocht - is athrú meon atá i gceist. Is féidir é sin a dhéanamh cuíosach éasca laistigh sa Státchóras.

Ní gá dom ach a lua gur féidir linn níos mó a dhéanamh sa Dáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá sé sin ráite agam ó toghadh mé i 2002. Tá mé ag moladh ón uair sin go mbeadh na Billí a thagann os comhair na Dála ar fáil i nGaeilge ó thús, mar a tharlaíonn i bParlaimintí dátheangacha eile. Cabhródh sé sin liom agus le aon Teachta eile atá ag iarraidh reachtaíocht a phlé trí mheán na Gaeilge. Ní cheart go mbainfeadh fadhb ar bith leis an moladh sin. Tarlaíonn sé anois is arís ach sa chuid is mó, ní tharlaíonn sé. Mar thoradh ar sin, tá sé níos deacra dom mo chuid oibre a dhéanamh sa Dáil trí Ghaeilge amháin nó go dátheangach. Bíonn orm casadh ar an mBéarla.

Roinnt blianta ó sin, scríobh mé leasuithe i nGaeilge ar Bille a bhí i mBéarla. Dúradh liom nach raibh na húdaráis sásta glacadh leo - bhí orm iad a aistriú ar ais go Béarla, in ainneoin nach rabhadar i mBéarla sa chéad dul síos. Is é sin chomh seafóideach is atá an Státchóras, atá bunaithe le tréimhse fada de blianta. Nuair a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos, bhí post mar Aire Gaeilge le líonadh sa Rialtas. Tamall ina dhiaidh sin, cuireadh post mar Aire Gaeltachta ina áit. Measaim gur chóir go dtarlódh a leithéid d'athrú in aon Rialtas nua amach anseo. Molaim gur cheart go mbeadh an príomhchuspóir aige nó aici ná déileáil leis an Ghaeilge agus an Gaeltacht. Má tharlaíonn sé sin, léireoidh sé an práinn a bhaineann leis an cheist agus cé chomh dáiríre atá an Rialtas ó thaobh tarrtháil na Gaeilge de.

Agus an méid sin á rá agam, ba chóir dom a lua gur trua go raibh an Teachta Gilmore agus, níos déanaí, an Teachta Shatter ag gearán go rabhamar ag déileáil leis an gceist seo inniu. Dúirt an Teachta Shatter go bhfhéadfadh an Ghaeilge fanacht fad is go raibh rudaí níos tábhachtaí á dhéanamh againn. Measaim nach féidir leis an Ghaeilge fanacht. Níl sé maith go leor go mbeadh a leithéid á rá ag aon Ball den Teach ag an tréimhse seo. Tá todhchaí na Gaeilge beagnach chomh práinneach le aon rud eile a bhí á phlé againn inniu. Sa deireadh thiar thall, muna bhfuil féiniúlacht, ár gcultúr féin agus meas ar ár n-oidhreacht againn, trí fiú tráithnín muid agus is féidir leis an IMF nó aon dream eile teacht isteach agus seilbh a ghlacadh orainn. Ní Éireannaigh muid muna bhfuil meas againn ar ár gcultúr, nó muna bhfuilimid sásta a chinntiú go bhfuil tarrtháil á dhéanamh againn.

Is ait liom roinnt de na dearcaidh atá léirithe sa Teach seo. Dúirt Teachtaí áirithe go bhfuil an Ghaeilge ró-dheacair. Tá sé deacair dóibh siúd atá níos aosta teangacha nua a fhoglaim. Tá sé éasca do roinnt daoine aon teanga a fhoglaim. Is cuma le daoine óga faoi briathra rialta nó neamhrialta nuair atáimid ag iarraidh orthu an Ghaeilge a labhairt. Níl éinne ag iarraidh ar muintir na Fraince na briathra neamhrialta sa bhFraincis a athrú toisc go bhfuil sé deacair an teanga sin a fhoglaim. Ba chóir dúinn díriú isteach ar conas an Ghaeilge a mhúineadh níos fearr ag an leibhéal is ísle. Moladh maith atá sa tuairisc ón comhchoiste. Rinne an comhchoiste obair mhaith faoi chúram an Teachta Tom Kitt agus molaim é agus na baill eile as sin.

Tá moladh an-tábhachtach sa tuairisc maidir leis an curaclam. Deireann Gaeilgeoirí agus daoine óga atá ag díriú isteach ar an ardteist amach anseo go mbeidh an scrúdú ró-éasca dóibh de bharr na hathruithe atá déanta ar an churaclam agus nach mbeidh aon dúshlán ann dóibh mar a bhí i gcónaí ó thaobh na litríochta de agus araile. Ba chóir go nglacfadh an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an moladh i dtaobh na hardteistiméireachta go sciobtha. Agus mé ag caint faoin Roinn, ba chóir dom a rá gur seo ceann de na príomh fadhbanna maidir leis an Ghaeilge ó bunaíodh an Stát. Is fadhb i gcónaí í. Déanann an comhchoiste an moladh seo ar son An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tá an moladh seo níos tábhachtaí ná aon rud eile anseo, mar go dtí seo tá an Roinn tar éis cur i gcoinne nó tar éis constaic a chur in aghaidh gach céim chun tosaigh a theastaigh ó Ghaelgeoirí agus ó mhuintir na Gaeltachta a dhéanamh maidir le hoideachas trí Ghaeilge. In áit a bheith ag cothú éilimh do Ghaelscolaíocht, déanann an Roinn a mhalairt. Is léir sin ó na cinnithe atá glactha ag an Aire Oideachais agus Scileanna le dhá bhliain anuas gan aitheantas cuí a thabhairt do Gaelscoileanna nua nó do Gaelcholáistí, nó fiú díriú isteach ar an gcruachás atá ann ó thaobh Gaelscolaíochta sa tír. Tá gach Gaelcholáiste lán go doras agus tá éileamh i bhfad Éireann níos mó orthu ná gur féidir leo déileáil leis. Is ceist mhor í seo. Tá daoine sásta a bpáistí a chur chuig Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Má tá muid dáiríre faoin Gaeloideachas, ba chóir dúinn glacadh leis an céim seo. Caithfidh muid a dhéanamh cinnte de go mbeidh na scoileanna ann ionas go mbeidh, ar a laghad, oiliúint ar fáil do pháistí na daoine atá sásta a bpáistí a chur chuig na scoileanna sin.

Rud eile atá tábhachtach ná an toil phoilitiúil. Bliain i ndiaidh bliana, déanann muid ráitis sa Teach i leith na Gaeilge, go minic i lár seachtain na Gaeilge. Molaim sin, ach go minic is mise an duine a lorgaíonn an díospóireacht sin. Níl fadhb agam le sin. Ach sa deireadh, sin an méid a bhíonn againn. Bíonn na ráitis againn agus chomh luath agus a bhíonn críoch leo, away linn ag déanamh ár obair fhéin arís, seachas díriú isteach ar na ceisteanna móra seo. Táimid ag lorg reachtaíochta maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Tá an reachtaíocht seo á mholadh ag an Aire le blianta, ach níl an reachtaíocht sin os ár gcomhair go fóill. Luaigh mé an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an naimhdeas atá ansin i dtaobh na Gaeilge. Luaigh mé freisin an dea shampla gur féidir linne a thabhairt sa Teach. Muna dtarlaíonn sin, ní fiú tráithnín an méid a deirtear sa Dáil uair sa bhliain. Is fíor annamh a cloistear aon duine sa Dáil ag labhairt Gaeilge, seachas nuair a bhíonn díospóireacht againn ar cheist na Gaeilge. Ní cloistear ach cúpla focal nuair atá daoine ag gabháíl buíochais leis an gCeann Comhairle.

Rinneadh tagairt do sheirbhísí trí Ghaeilge agus dúradh go bhfuil gá le hiad a bheith ar fáil. Ba chóir go mbeadh Gaelgeoirí agus daoine a thugann tacaíocht don Ghaeilge ag lorg na seirbhísí sin agus go mbainfeadh siad úsáid astu. Tá an ceart ag an Aire nuair a deireann sé sin. Ní úsáideann muid na seirbhísí atá ar fáil mar cuireann siad moill ar ár gnó go minic. Sin an fáth go gcasann daoine ar an Bhéarla. Go minic freisin, bíonn rudaí níos casta ná mar a bheadh agus an seirbhís á úsáid trí Bhéarla, toisc go mbíonn an Ghaeilge ar fhoirmeacha chomh casta sin go bhfuil sí i bhfad níos measa ná aon Bhéarla ar fhoirmeacha, cé go mbíonn sin casta go leor. Tá eagras i Sasana ar a dtugtar Plain English. Ba chóir go mbeadh an rud céanna againn anseo ó thaobh na Gaeilge de. Ba chóir go mbeadh daoine in ann aon rud atá á fhoilsiú againn a thuiscint agus go mbeadh sé ar fáil go héasca. Sa lá atá inniu ann agus leis an dul chun cinn atá déanta sa teicneolaíocht, ba chóir go mbeadh muid in ann na seirbhísí seo a chur ar fáil i bhfad níos tapúla agus níos forleithne.

Díreoidh mé anois ar cheann nó dhó de na moltaí a dhéanann an comhchoiste, cuid acu a chuala mé cheana. Maidir le comharthaí bóithre, rinne muid iarracht seo a mholadh don Aire Iompair cheana. Mhol muid athrú meona ó thaobh comharthaí bóithre agus comharthaí Stáit de. Mhol muid go dtabharfar tús áite, nó comhchéim ar a laghad, don Ghaeilge. I mo thuairim, ba chóir tús áite a thabhairt di. Dúradh linn go mbeadh sin ró-chostasach. Níl mórán acmhainní ag an tír faoi láthair, nó sin a deirtear linn. Measaim go bhfuil bealach timpeall ar sin, ach sin scéal eile. Níl acmhainní i gceist anseo. Séard atá i gceist ná go mbeadh an mheon nua i réim cibé uair atá athrú ag teacht nó aon uair atá aon chomharthaí nua á dhéanamh, seachas mar a tharlaíonn faoi láthair, gur athsmaoineamh nó afterthought a bhíonn ann. Baineann sin le comharthaí áitiúla agus araile. Fós sa lá atá inniu ann, bíonn orainn a mheabhrú do chomhairlí áitiúla go bhfuil orthu Gaeilge a chur ar na comharthaí.

Tá roinnt moltaí raidiceacha sa tuairisc agus tá súil agam go nglacfaidh an tAire leo. B'fhéidir nach sroichfimid na spriocanna, ach mar adúirt Donncha Ó hÉallaithe liom i ríomhphost inné, tá sé rí-thábhachtach go mbeidh na spriocanna a leagtar síos inbhainte. Measaim go bhfuil breall air agus é ag rá nach bhfuil sé indéanta, nó go mbeadh sé an-deacair, bogadh ó 80,000 daoine ag gabháil leis an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais go dtí 250,000 i dtréimhse 20 bliain. Measaim gur féidir sin a dhéanamh. Is léir ó tíortha eile gur féidir é a dhéanamh. An rud is tábhachtaí ná go mbeidh an toil pholaitiúil ann agus go gcuirfear na hacmhainní ar fáil. Tá súil agam nach mbeidh muid sa sáinn eacnamaíochta ina bhfuil muid faoi láthair thar an tréimhse 20 bliain atá le teacht. Más i gceann cúig nó deich mbliana a tharlaíonn an athrú, beidh an mhaoin agus na hacmhainní ann. Sin ráite, tá acmhainní ann faoi láthair, ach braitheann sé ar an Rialtas cá gcuirfear na hacmhainní sin nó cén togra a gheobhaidh tús áite. Tá gá ann go mbeadh na spriocanna insroichte. Measaim go bhfuil gach rud insroichte chomh fada agus a gcuireann muid ar fad chucu.

Tá obair mhaith déanta ag an coiste agus tá obair mhaith déanta ag an Roinn ó thaobh na straitéise de. Impím ar an Aire agus ar an Roinn go gcuirfear fuadar faoi. Caithfimid deifir a dhéanamh déileáil le seo nó ní bheidh an Ghaeilge nó an Ghaeltacht ann amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.