Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

10:20 am

Ms Máire Killoran:

Mar fhreagra ar an gcéad cheist a chuir an Seanadóir i dtaca la cúrsaí earcaíochta agus oiliúna, mar is eol don Seanadóir thóg an Rialtas cinneadh Mí Dheireadh Fomhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú. Mar thoradh air sin tá an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge, mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Mar atá ráite ag an Aire Stáit i bhfreagraí ar cheisteanna Dála ar an ábhar seo, is cinnte go mbeidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, tá sé molta, mar chuid des na ceannteidil den Bhille, go sonrófar na poist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla amach anseo. Tá na bearta sin ag teacht leis na spriocanna sonracha atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 chun cur leis an líon oifigeach atá in ann feidhmiú go dátheangach sa státchóras.

I dteannta leis sin, ní miste aird a tharraingt ar an gcomhaontú atá idir muid féin sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Caitheachas Phoiblí agus Athchóirithe maidir le cúrsaí oiliúna agus socruithe oiliúna a bheith ann don Státseirbhís fré chéile. Tuigtear dúinn, ón tréimhse idir 2011 agus 2014, go bhfuil os cionn 900 duine san earnáil phoiblí tar éis cúrsaí oiliúna a dhéanamh ag Gaelchultúr ar chonradh atá ag an gcomhlucht le Foras na Gaeilge. Tá sé i gceist, nuair a thagann deireadh leis an gconradh sin go mbeidh painéal de chomhluchtaí oiliúna á gcur i dtoll a chéile chun gur féidir freastal amach anseo ar na riachtanais oiliúna atá ag na Ranna Rialtais agus ag na hOifigigh Rialtais fré chéile.

Maidir leis an tseirbhís comhroinnte aistriúcháin, tá sé seo áirithe ar cheann des na tionscnaimh pholasaí a d'fhéadfaí a thabhairt chun cinn i gcomhair leis na pairtithe leasmhara éagsúla. Shocraigh an Rialtas, nuair a thóg sé cinneadh ar 1 Aibreán maidir le ceannteidil an Bhille, go bhféachfaí ar thionscnaimh pholasaí ar leith a thabhairt chun cinn i dteannta le ceannteidil an Bhille agus tá an Roinn i mbun plé faoi láthair leis na pairtithe leasmhara maidir leis na tionscnaimh sin, lena n-áirítear an tseirbhís comhroinnte aistriúcháin. Samhlaítear dúinn go mbéadh seirbhís lárnach aistriúcháin ar fáil do Ranna Rialtais in ionad an chórais atá ann faoi láthair agus Ranna Rialtais ag triall go minic ar an earnáil phríobháideach le hábhar a fháil aistrithe a theastaíonn ar iompú do bhoise agus a bhfuil riachtanas láithreach é a fháil aistrithe. Tá na ceisteanna sin á bplé faoi láthair.

Maidir leis na scéimeanna teanga agus freastal ar phobal na Gaeltachta, tá foráil ins an Acht teanga faoi láthair, maidir le freastal ar phobal na Gaeltachta ach go háirithe, agus tá sé sin sonraithe in Alt 13 den Acht teanga adeir go sonrach, agus scéimeanna teanga á n-ullmhú gur chóir do chomhlucht poiblí a chinntiú go bhfuil líon leordhónathach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann a sheirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena sholáthar trí Bhéarla, a chinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineanna le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta agus a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí nó cibé dáta a chinnfidh an comhlucht le toiliú an Aire. Tá na forálacha sin san áireamh cheana ins an Acht teanga mar a sheasann sé faoi láthair.