Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé

Ms Moira Murrell:

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála agus a Sheanadóirí, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse, agus leis an gcoiste seo, as cuireadh a thabhairt domsa a bheith i láthair anseo chun cúrsaí tithíochta agus pleanáil fhisiciúil sa Ghaeltacht a phlé. Agus na hábhair seo á phlé againn, creidim go bhfuil sé tábhachtach a rá ar dtús go bhfuil Comhairle Contae Chiarraí fíordháiríre maidir le forbairt a limistéar Gaeltachta agus le cosaint a dhaingniú dá hoidhreacht agus dá cultúr. Maidir leis na hábhair atá luaite i mo ráiteas oscailte anseo, déantar plé níos mine orthu i réamhráiteas Chomhairle Contae Chiarraí. Tugann réamhráiteas na comhairle go leor sonraí faoi na struchtúir agus na riachtanais láidre a thugann tacaíocht d'fhorbairt agus do sholáthar polasaí maidir le tacaíocht do na limistéir Ghaeltachta agus lena bhforbairt. Baineann na struchtúir tacaíochta a luaitear leis na róil seo a leanas:

Oifig Ghaeilge: Bíonn an oifig seo i mbun idirchaidreamh laistigh agus lasmuigh den chomhairle maidir le forbairt agus cur chun cinn gach gné den Ghaeilge agus den oidhreacht chultúrtha a bhaineann léi thar cheann Chomhairle Contae Chiarraí.

Oifigeach forbartha teanga nua: Is é ról an oifigigh nua ceannaireacht a thabhairt thar ceann an údaráis áitiúla maidir le Baile Seirbhíse Gaeltachta Chathair Saidhbhín. Anuas air sin, cuirfidh an t-oifigeach comhairle ar an gcomhairle ar fhorbairt pholasaí na Gaeilge san eagraíocht amach anseo.

Coiste Polasaí Straitéiseach na Gaeltachta: Déanann an coiste plé agus moltaí maidir le forbairt teanga agus cultúir sa Ghaeltacht agus tuairisciú don chomhairle faoi na ceisteanna seo.

Struchtúir Limistéir Bhardasacha Gaeltachta: Bíonn oifigigh na limistéir áitiúla ag soláthar seirbhísí áitiúla trí Ghaeilge freisin.

Coiste Comhairleach na Gaeilge: Coiste neamhspleách seachtrach de thriúr is ea é seo, ar bunaíodh i mí Márta chun comhairle a thabhairt don chomhairle maidir le réimsí áirithe teanga agus polasaí.

Pleanáil agus forbairt eacnamaíoch: Tá infheistíocht shuntasach sprioc-dhírithe déanta sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas. Féach ar chur chuige polasaí eacnamaíoch na comhairle. Tá tionscadail athnuachana agus infheistithe arbh fhiú na milliúin euro ar siúl nó á bpleanáil sa dá cheantar Gaeltachta i gCiarraí agus sa cheantar mórthimpeall orthu. Tá sonraí na dtionscadal seo ar fáil sa réamhráiteas thuasluaite. Tá tascfhórsa Uíbh Ráthaigh ag fáil tacaíochta láidir leanúnach ó Chomhairle Contae Chiarraí agus tá an chomhairle ag obair go dlúth le hÚdarás na Gaeltachta, Fáilte Ireland, Mol Chorca Dhuibhne, comhlachtaí forbartha áitiúla agus grúpaí pobail chun pleananna agus tionscadail a fhorbairt sa Ghaeltacht. Beidh plean eacnamaíoch na comhairle, a bheidh ag plé le hUíbh Ráthaigh agus Corca Dhuibhne, fíorthábhachtach maidir leis an daonra a choimeád iontu agus chun deiseanna fostaíochta fiúntacha a chur ar fáil amach anseo, rudaí a thacódh le teanga, cultúr agus leis an bpobal Gaeltachta trí cheile.

Plean forbartha an chontae agus pleananna limistéar áitiúil: Leanann cur chuige Comhairle Contae Chiarraí, i bplean forbartha an chontae agus i bpróisis pleananna na limistéar áitiúil, ag forbairt ar aghaidh agus ag iarraidh an pholasaí Gaeltachta seo sa chontae trí chéile a neartú. Is iad na pleananna forbartha a dhéantar tagairt dó anseo ná Plean Forbartha Chontae Chiarraí, Dréachtphlean Forbartha Chontae Chiarraí - atá ar thaispeáint phoiblí faoi láthair, Plean Limistéir Áitiúil Uíbh Ráthaigh agus Plean Limistéir Áitiúil Chorca Dhuibhne.

Tá sé tábhachtach a rá ag an bpointe seo go bhfuil a phlean limistéir áitiúil, PLÁ, féin ag gach ceann den dá cheantar Gaeltachta sa chontae anois. Tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne anois clúdaithe ag Plean Limistéir Áitiúil Chorca Dhuibhne 2021 – 2026, a tháinig in áit dhá PLÁ a bhíodh ag clúdach an cheantair Gaeltachta seo. Ar an dul síos céanna, tá cúrsaí pleanála áitiúla maidir le Gaeltacht Uíbh Ráthaigh anois á gclúdach ag Plean Limistéir Áitiúil Iarthar Uíbh Ráthaigh 2019-2025, á tháinig in áit dhá PLÁ a bhí ann roimhe seo chomh maith. Tá cur i bhfeidhm straitéis seo na pleanála aonair den pholasaí pleanála áitiúil, anuas ar struchtúir nua na limistéar bardasach, tar éis cur chuige níos seasmhaí a chruthú sa dá cheantar Gaeltachta agus ag éascú fócas níos soiléire i ngach ceann acu ann féin maidir le ceapadh, plé agus cur i bhfeidhm na bpleananna limistéar áitiúil seo.

Maidir le plean forbartha an chontae agus lena dhréachtphlean forbartha, trí na spriocanna a leagtar síos ann, bíonn plean forbartha Contae Chiarraí ag iarraidh úsáid na Gaeilge mar theanga cumarsáide laethúla i bpobail Ghaeltachta a chur chun cinn agus a chosaint. Aithníonn an plean go bhfuil an Ghaeltacht saibhir maidir le teanga, traidisiún, litríocht, béaloideas, ceol agus seandálaíocht agus go bhfuil ról suntasach ag an gcultúr saibhir, agus na féilte agus imeachtaí a bhaineann leis, le forbairt eacnamaíoch an chontae, cúrsaí turasóireachta san áireamh.

Tá iarrachtaí suntasacha déanta i ndréachtphlean forbartha an chontae, atá á thaispeáint don phobal faoi láthair, chun tacaíocht a chur ar fáil don phobal Gaeltachta agus é a neartú. I measc na samplaí de seo atá ann, tá ar a laghad 66% d'aonaid chónaithe i ngach ceantar Gaeltachta á gcur i leataobh do chainteoirí Gaeilge. Tá an figiúr seo socraithe ag 31% sa phlean reatha do limistéar reatha Dhaingean Uí Chúis, agus níl aon sprioc in aon chor leagtha síos i bplean reatha limistéar Gaeltachta Uíbh Ráthach. I gcás roinnt lonnaíochtaí beaga áirithe, is féidir go gceadófar grúpa tithe a bhfuil a gcóras cóireála fuíolluisce féin acu faoi dhréachtphlean an chontae. Tacaíonn an dréachtphlean le Tobar Dhuibhne agus plean teanga Dhaingean Uí Chúis agus lena gcur chun cinn. Cuirtear tacaíocht ar fáil do na gníomhaíochtaí a eascraíonn as tuairisc tascfórsa Uíbh Ráthaigh agus tacaítear le ról na mbailte seirbhíse Gaeltachta: Trá Lí, Daingean Uí Chúis agus Cathair Saidhbhín.

Labhróidh mé anois ar chur i bhfeidhm an pholasaí tithíochta agus pleanála. Maidir leis an gclásal teanga, tá cleachtas láidir inmheánach forbartha ag an gcomhairle atá bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara Teanga agus ar an tslí a mbaineann siad le cur i bhfeidhm an coinníoll pleanála teanga. Tá sonraí an chleachtais seo le fáil in aguisín 1 dár ráiteas scríofa. Maidir leis seo, tá sé tábhachtach a rá freisin go bhfuil sé deacair an coinníoll a chur i bhfeidhm. Ní féidir é a chur i bhfeidhm ach ar feadh tréimhse áirithe ama. Tá sé deacair comhlíonadh an chlásail theanga a chinntiú thar am nó nuair a athraíonn úinéireacht tí.

Maidir le tithe aonair sa Ghaeltacht, bíonn an polasaí um lonnaíocht tuaithe ar fud an chontae ag iarraidh cothrom a chruthú idir cosaint na timpeallachta agus ceisteanna comhshaoil ar an lámh amháin – le céatadán ard den chontae cosanta mar limistéir faoi shonrú áirithe timpeallachta – agus soláthar réasúnta de thithíocht chónaithe don phobal áitiúil sna limistéir seo ar an lámh eile. Seachas i mbaile Dhaingean Uí Chúis, tá formhór d'fhorbairt tithíochta i gceantair Ghaeltachta Chiarraí teoranta go tithe aonair faoin tuath. Idir Márta 2015 agus Meán Fómhair 2021, déanadh 126 iarratas pleanála i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Ba mhic nó iníonacha le feirmeoirí nó úinéirí talún, nó daoine ón gceantar díreach thart ar shuíomh an tí ar a raibh cead á lorg dó, iad formhór de na hiarrthóirí. As na hiarrthóirí seo, tugadh cead pleanála do 101, nó 80%, acu. As na hiarrthóirí nár tugadh cead pleanála dóibh, ba ar bhonn innealtóireachta, mar shampla, fadhbanna le bóithre nó uisce, a diúltaíodh 56% acu. Ó anailís ar GeoDirectory An Post don tréimhse chéanna, tá a fhios againn go bhfuil 89 seoladh nua sa cheantar Gaeltachta. Cé go bhféadfadh go mbaineann cuid de na seoltaí nua seo le cead a tugadh roimh 2015, tugann na figiúirí seo le tuiscint gur tithe a bhfuil teaghlaigh ina gcónaí iontu go buan iad sciar maith de na háitribh sin.

Maidir le tionchar forbartha tithe saoire sa Ghaeltacht, le tamall de bhlianta anois, tá fás feicthe sa líon tithe saoire i gceantair cois cósta sa chontae. Tá sé tugtha faoi deara go bhfuil seachadadh na dtithe seo le hoidhreacht ó ghlúin go glúin tar éis athrú a chur ar an saghas cuairteora a thagann go dtí na ceantair seo. Is féidir nach í an Ghaeilge a gcéad teanga. Mar thoradh ar roinnt de na gabháltais seo a bheith á ndíol ar an margadh oscailte, tá cuid acu anois in úinéireacht ag daoine nach cainteoirí Gaeilge iad in aon chor. Táthar tar éis a lán de na tithe seo a chur amach ar cíos ar bhonn gearrthéarmach, rud a chuireann a thuilleadh fós le praghas na dtithe sna ceantair seo. Tá an chomhairle i mbun fiosruithe ar an gceist seo maidir le tithe a bhíonn á ligean ar cíos gearrthéarmach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Maidir le dualgais an údaráis áitiúla faoi na hAchtanna um thithíocht, tá neamhréiteach idir na hAchtanna a bhaineann le tithíocht shóisialta ar thaobh amháin agus na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2018, ar an taobh eile maidir leis an gcaoi ina mbaineann siad le cosaint oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta agus le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga an phobail. Faoin gcéad cheann, tá sé d'oibleagáid ag an gcomhairle aird a thabhairt ar riachtanais tithíochta iarrthóirí ar thithíocht shóisialta, is cuma faoina gcumas Gaeilge. Sa chás go raibh tithíocht shóisialta á soláthar do dhaoine gan Ghaeilge i limistéir Ghaeltachta, chuaigh an chomhairle i ngleic leis an bhfadhb seo, agus tá sé i gceist go leanfar ag cur tacaíocht ar fáil do thionóntaí nua chun scileanna labhartha Gaeilge a fhoghlaim trí na háiseanna oideachais teanga atá ann cheana féin.

Tarraingíonn sé sin aird ar an réimse atá pléite sa réamhráiteas. Táimid ag iarraidh a léiriú go bhfuil an chomhairle thar a bheith gníomhach agus í ag tabhairt tacaíochta do réigiúin Ghaeltachta agus dá bpobail. Tá roinnt ceisteanna casta ann faoi láthair maidir leis na dúshláin leanúnacha a bhaineann le cúrsaí pleanála agus tithíochta i gceantair Ghaeltacht. Baineann go leor de na dúshláin seo le gach ceantar Gaeltachta sa tír.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.