Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chomhchoiste agus roimh aon duine a bheidh ag féachaint air seo ar Theilifís an Oireachtais beo nó amach anseo.

Is mian liom a thaifeadadh go bhfuil na finnéithe go léir ó na ceithre chomhairle contae ag freastal ar an gcruinniú ar líne ó lasmuigh de phurláin an Oireachtais agus beimid ag bualadh leo le linn an chomhchoiste seo. Linn inniu tá Moira Murrell Uasal, an príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chiarraí; agus léi tá John Breen, stiúrthóir seirbhísí; agus Damien Ginty Uasal, pleanálaí sinsearach. Ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tá an príomhfheidhmeannach, Michael Walsh; Máire Seosaimhín Breathnach, oifigeach Gaeilge; agus Liam McGree Uasal, pleanálaí sinsearach. Ó Chomhairle Contae na Mí tá Jackie Maguire, an príomhfheidhmeannach; agus Des Foley, stiúrthóir seirbhísí pleanála; agus Seán Clarke, oifigeach feidhmiúcháin sinsearach. Ó Chomhairle Contae Chorcaí tá Tim Lucey, an príomhfheidhmeannach; Valerie O’Sullivan, bainisteoir rannáin - An Deisceart; Michael Lynch, stiúrthóir seirbhísí pleanála; Maurice Manning, stiúrthóir seirbhísí tithíochta; agus Aileen Loughrey, oifigeach Gaeilge.

Tá an Teachta Dála Daly istigh sa seomra anseo liom. Tá na Teachtaí Connolly, Ó Cuív agus Ó Cathasaigh ar líne faoi láthair agus feicim an Seanadóir Kyne ar líne chomh maith. B’fhéidir go mbeidh daoine eile ann agus ainmneoidh mé iad agus muid ag dul ar aghaidh, más rud é go bhfuil siad ag teacht isteach go fíorúil ar líne. Má tá comhaltaí ag freastal ar an gcruinniú ó oifigí thithe an Oireachtais agus nuair a bheidh na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú, is gá dóibh na físeáin a bheith ar siúl an t-am go léir ionas gur féidir leis an gCathaoirleach agus na comhaltaí eile na finnéithe eile, na baill foirne, agus na comhaltaí eile atá i láthair a fheiceáil. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas gur féidir le gach duine eile atá ag an gcruinniú iad a fheiceáil ar an scáileán, cé acu an mbeadh nó nach mbeadh siad ag labhairt ag an am. Bá chóir dóibh a chinntiú freisin go mbeidh an micreafón acu múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Níl sé i gceist agam go mbeadh vóta ann ach ma ghlaoitear vóta leanfar leis de réir mar is gnáth trí vóta ar ghlaoch rolla na gcomhaltaí i seomra an choiste.

Chun críocha Thuarascáil Oifigiúil Thithe an Oireachtais, tá sé iarrtha orm comhaltaí agus finnéithe a aimsiú sula labhraíonn siad. Uaireanta, bíonn spás ann agus iarraim ar gach duine atá páirteach a gcuid ama a thógáil lena bhfreagairt go dtí go n-aithnímid iad ar dtús. Iarraim ar chomhaltaí agus finnéithe a gclúdaigh aghaidhe a bhaint díobh agus iad ag labhairt ach go háirithe iad siúd atá i seomra an choiste, ionas gur féidir leis an gcóras taifeadta na focail, na ceisteanna agus na ráitis a thaifeadadh i gceart agus go cruinn.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu, go bhfuil de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe, toisc go bhfuil siad os comhair Thithe an Oireachtais ó lasmuigh díobh, nach féidir leo brath ar an gcosaint sin. Mar sin, molaim dóibh a bheith cúramach agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe, go ndéanfaidh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste agus ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe. Fiafraítear de fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin fiafraítear díobh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí ráitis tosaigh na bhfinnéithe a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh na finnéithe dá mbeadh ordú dá leithéid á thabhairt agam ón gcomhchoiste.

Is é tithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúla sa Ghaeltacht atá á phlé againn inniu. Iarrfaidh mé ar na finnéithe na ráitis tosaigh a thabhairt ar dtús agus ansin tabharfaidh mé deis ansin do na comhaltaí atá i láthair ceisteanna a chur. Ar dtús báire ba mhaith liom iarraidh ar an bpríomhfhinné ó Chomhairle Contae Chiarraí ráiteas tosaigh a dhéanamh, cibé acu Moira Murrell nó duine eile as an bhfoireann atá chun an ráiteas sin a thabhairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.