Written answers

Thursday, 2 July 2026

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cuanta agus Céanna

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

566. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an scéal is déanaí maidir le hobair feabhsúcháin agus sábháilteachta ar Ché an Chóra, Inis Meáin [50733/26]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá Comhairle Contae na Gaillimhe freagrach as cothabháil agus forbairt bhonneagar na gcéanna ar na hOileáin Árann, lena n-áirítear obair fheabhsúcháin agus shábháilteachta ag Cé an Chóra, Inis Meáin.

Thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí na Nollag 2024 dul ar aghaidh le ceapachán innealtóirí comhairleacha, mar thoradh ar chomórtas oscailte soláthair poiblí, chun an Réamhchás Gnó, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, a fhorbairt do roghanna feabhsúcháin infreastruchtúir mhara ar Inis Meáin.

Bhuail oifigigh mo Roinne lena gcomhghleacaithe i gComhairle Contae na Gaillimhe arís an tseachtain seo chun an t-abhar a phlé. Tuigim go bhfuil obair mhór déanta ag na hinnealtóirí comhairleacha chun roghanna éagsúla a fhorbairt, a thástáil agus a mheasúnú ar mhaithe le aghaidh a thabhairt ar na hábhair éagsúla a ardaíodh leo mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh le pobal an oileáin.

Is riachtanas don Mheasúnú Straitéiseach é go ndéanfaí anailís ar gach rogha chun réiteach a fháil ar aon fhadhb feabhsúcháin agus sábháilteachta nó easnamh eile a aithnítear, lena n-áirítear infheistíocht chaipitil san infreastruchtúr, infheistíocht reatha sna seirbhís iompair, nó meascán d’infheistíocht chaipitil agus reatha go bhféadfaí a dhéanamh thar thréimhse.

Tuigim go bhfuil aiseolas agus soiléiriú tugtha ag mo Roinn do Chomhairle Contae na Gaillimhe le déanaí ina leith seo, le cinntiú go bhfuil an riachtanas sin á chomhlíonadh ag na hinnealtóirí comhairleacha neamhspleácha atá i mbun na hoibre seo.

I ndiaidh don phróiseas seo a bheith críochnaithe, cuirfear tuarascáil ar fáil don Roinn le breithniú agus le go bhféadfaí moladh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige is tairbhí don oileán ina iomláine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.