Written answers
Thursday, 23 April 2026
Department of Children, Disability and Equality
An Ghaeltacht
Aindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
199. To ask the Minister for Children, Disability and Equality an bhfuil sí ar an eolas faoi na deacrachtaí éagsúla a bhaineann le hearcú foirne le haghaidh cúram leanaí agus naíonraí sa Ghaeltacht; an bhfuil srian aoise ar an bhfoireann; cad iad na hiarrachtaí éagsúla atá á ndéanamh chun a chinntiú go bhfuil daoine ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29098/26]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mór an luach a bhaineann le róil an oideora luathbhlianta agus an cleachtóra cúraim leanaí in aois scoile, agus tacaíonn siad go mór le forbairt, foghlaim agus cúram leanaí.
Aithnítear nach bhfaigheann na daoine a oibríonn in earnáil fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus san earnáil chúraim leanaí in aois scoile an t-aitheantas atá tuillte acu.
I bhfianaise margadh saothair atá thar a bheith iomaíoch agus a ísle is atá na leibhéil dífhostaíochta atá ann, is dúshlán é do gach fostóir baill foirne a earcú agus a choinneáil.
Cé gurb é an Rialtas is mó a chuireann maoiniú ar fáil don earnáil, ní hionann é agus an fostóir agus ní féidir leis pá ná coinníollacha a leagan síos go díreach.
Is é an Comhchoiste Oibreachais an sásra foirmiúil bunaithe faoinar féidir le fostóirí agus le hionadaithe fostóirí íosrátaí pá a chaibidliú, rátaí atá leagtha síos in Orduithe Rialaithe Fostaíochta, agus tá sé neamhspleách ina fheidhm.
Faoi na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta (ORFanna) is déanaí a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2025, tháinig méadú 10% ar an meán ar íosrátaí pá, agus beidh pá méadaithe ag os cionn 67% de na baill foirne san earnáil.
Tacaíonn an Rialtas le torthaí an phróiseis sin de chuid an Chomhchoiste Oibreachais trí Bhunmhaoiniú.
Tháinig méadú 6% ar an mBunmhaoiniú go dtí €350 milliún sa chlárbhliain seo, 2025/26, agus tugadh €45 milliún eile i bhfoirm Bunmhaoiniú a bhí curtha i leataobh chun tacú le seirbhísí agus iad ag coinneáil suas leis an gcostas méadaithe a bhaineann leis na híosrátaí nua pá san earnáil.
Agus An Todhchaí a Mhúnlú: An Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta á sheoladh agam i mí na Nollag, d’fhógair mé go gcuirfear suas le €15 mhilliún de mhaoiniú atá curtha i leataobh ar fáil ó mhí Mheán Fómhair 2026, arb ionann é agus suas le €45 milliún don chlárbhliain iomlán, chun tacú le ORF breise.
I mí na Nollag 2023, cuireadh Foghrúpa de chuid an Fhóraim Páirtithe Leasmhara sa Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí ar bun le dul i ngleic le dúshláin na hearcaíochta agus na coinneála. I measc na dtionscnamh atá curtha chun cinn ag an bhfoghrúpa tá:
Mearphróiseas do Scoláirí chun aitheantas a fháil ar staidéir sheachthéarma.
Conairí measúnaithe do dhaoine aonair a bhfuil cáilíochtaí neamhchríochnaithe acu.
Iarracht i gcomhar a chéile chun gairmréimeanna san earnáil a chur chun cinn.
Níl aon srian sonrach ó thaobh aoise de ar oibrithe in earnáil na Foghlama agus an Chúraim Luath-Óige, agus an Chúraim Leanaí in Aois Scoile. Tagann fostaíocht daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996.
Ní mór do gach duine a oibríonn le leanaí sna seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim bunriachtanais a chomhlíonadh ó thaobh cáilíochtaí de. Tugadh isteach an méid sin in 2016 d’fhonn caighdeán an tsoláthair a fheabhsú agus torthaí níos fearr a bhaint amach do leanaí.
Is ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta atá an fhreagracht as an nGaeilge. Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta tacaíochtaí breise ar fáil do sheirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige trí mheán na Gaeilge laistigh den Ghaeltacht, trí mheán a cuid gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí. I mí an Mheithimh 2024, d’fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú chun seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbartha a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ar feadh cúig bliana, arna riar ag Gaeloideachas.
Tá maoiniú curtha ar fáil do Ghaeloideachas ag An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais sna blianta 2025 agus 2026 chun tacú le suíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige trí mheán na Gaeilge.
Mar gheall ar an bPlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge, tá an Roinn ag obair le Ranna agus Gníomhaireachtaí ábhartha eile chun plean náisiúnta a fhorbairt le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar sholáthar na Gaeilge in earnáil Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus in earnáil an Chúraim Leanaí in Aois Scoile.
No comments