Written answers
Thursday, 26 March 2026
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
26. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dáta faoina mbeidh comhlachtaí poiblí forordaithe de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ionas go mbeidh dualgais orthu maidir le taifead agus úsáid cheart ainmneacha daoine le síntí fada; an bhfuil dearcadh ag a Roinn maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026, a tionscnaíodh ag tús mhí an Mhárta. [22302/26]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Lárnach d'iarrachtaí an Rialtais sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá cur i bhfeidhm iomlán agus rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, i gcomhréir le gealltanais i gClár an Rialtais ina leith.
Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo ab ea foilsiú an Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 in Eanáir 2026, ag eascairt as foilsiú an Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 roimhe sin i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Leis na pleananna seo agus na caidrimh uile éagsúla a cothaíodh trasna na hearnála poiblí agus iad, á bhforbairt, tá bunshraith láidir leagtha síos anois don obair eile atá le teacht faoin Acht agus mé ag súil le roinnt fógraí móra a dhéanamh ina leith i Ráithe 2 na bliana seo – forordú comhlachtaí poiblí chuig Alt 9A den Acht san áireamh. Cuirfidh an fhoráil seo dualgas ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifeadadh i gceart, lena n-áirítear úsáid an tsínidh fhada. Áirítear leis an bhforáil seo freisin a chinntiú go bhfuil córais TFC a úsáideann comhlachtaí poiblí in ann glacadh leis an méid sin. B’fhiú a nótáil, sa chás go bhfuil gá córas a chur in oiriúint, beidh tréimhse tugtha do na comhlachtaí poiblí comhlíontacht leis an bhforáil a bhaint amach tar éis dóibh a bheith forordaithe.
Chun tacú tuilleadh leis an obair seo, bunaíodh Grúpa Oibre Teicniúil faoin bPlean Náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na forála seo, agus ar ghnéithe teicniúla eile den Phlean agus den Acht go ginearálta. Tá ionadaíocht leathan ag an ngrúpa seo ó gach cearn den earnáil phoiblí, idir Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí níos leithne, agus díríonn na baill ar sheirbhísí lárnacha agus ar an leibhéal idirghníomhaíochta leis an bpobal. Feidhmeoidh an Grúpa seo mar cheannródaithe ó thaobh neadú na riachtanais teicniúla Ghaeilge isteach i bhforbairtí teicneolaíochta éagsúla laistigh dá n-eagraíochtaí féin chomh maith le dea-chleachtas a roinnt i measc ionadaithe eile an ghrúpa oibre agus go deimhin leis an tseirbhís phoiblí níos leithne.
Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Gaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026, feictear go mbeidh aird á tabhairt ar roinnt de na nithe sonraithe ann trí na caighdeáin teanga. Tá súil agam fógra a dhéanamh go luath anois go bhfuil tús curtha leis an gcomhairliúchán ar na dréacht-chaighdeáin teanga tríd an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge mar chéad chéim. I gcomhréir le hAlt 19A(6), déanfar comhairliúchán leis na Ranna Rialtais ábhartha i ndiaidh sin agus beidh muid ag obair i dtreo tús a chur leis an gcomhairliúchán poiblí agus leis na comhlachtaí poiblí níos leithne ansin níos deireanaí i 2026.
Cuirfidh na caighdeáin teanga creat struchtúrtha agus cur chuige comhsheasmhach ar fáil maidir le soláthair seirbhísí Gaeilge sna comhlachtaí poiblí uile atá clúdaithe faoin Acht.
No comments