Written answers
Thursday, 26 March 2026
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
25. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén creat monatóireachta a úsáidfear chun tionchar an chiste chaipitil cúig bliana a fógraíodh le déanaí ar éifeacht oifigigh phleanála teanga a mheas; an bhfoilseoidh a Roinn táscairí feidhmíochta bliantúla chun dul chun cinn tomhaiste i dtorthaí pleanála teanga ar fud na gceantar ainmnithe go léir a léiriú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22974/26]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar dtús báire ba mhaith liom a shoiléiriú gur pacáiste maoinithe ar luach €235,000 (€155,000 d’Údarás na Gaeltachta agus €80,000 d’Fhoras na Gaeilge) chun trealamh riachtanach oibre a sholáthar do na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag feidhmiú sna réigiúin éagsúla a cheadaigh mé ar an 2 Márta 2026.
Laistigh den Ghaeltacht, bainfidh 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi scáth Údarás na Gaeltachta leas as an gciste seo agus, lasmuigh den Ghaeltacht, beidh an maoiniú ar fáil do 13 Baile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge a thagann faoi scáth Fhoras na Gaeilge.
Tacóidh an maoiniú seo le cur i bhfeidhm an mholadh a déanadh san Athbhreithniú neamhspleách ar an bPróiseas Pleanála Teanga maidir le hacmhainní leordhóthanach a bheith ar fáil do gach LPT chun trealamh riachtanach oibre a cheannach. Aithnítear go mbeidh an ciste seo mar thacaíocht mhór do na hOifigigh Pleanála Teanga agus iad i mbun a gcuid oibre.
De thoradh an chúnaimh phraiticiúil seo, beidh Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge in ann a chinntiú go bhfuil an fearas cuí oifige ar fáil do na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag obair sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.
Fad is a bhaineann sé le monatóireacht, aontaíonn na ceanneagraíochtaí Pleanála Teanga agus na hOifigigh Pleanála Teanga cláir oibre bliana, spriocanna agus táscairí feidhmíochta bliantúla le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag tús gach bliain agus déantar monatóireacht ar hcur i bhfeidhm na bpleananna teaanga tríd na próisis seo.
No comments