Written answers

Thursday, 26 March 2026

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Barry HeneghanBarry Heneghan (Dublin Bay North, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

61. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé sásta an maoiniú cuí a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le rannóg tithíochta a chur ar bun san údarás chun comhordú a dhéanamh ar straitéis le dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta Ghaeltachta, comhordú a dhéanamh ar thógáil tithíochta ag na húdaráis áitiúla agus ag na comhlachtaí ceadaithe tithíochta agus pleanáil go straitéiseach don líon tithe breise atá ag teastáil chun inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú [22798/26]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor mhiste a nótáil go mbaineann saincheisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fóstaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus ní bheadh sé cuí aon rud a dhéanamh a laghdódh an bhéim atá ag an eagraíocht ar chomhlíonadh an róil sin. Is ról tánaisteach a bheidh ag an Údaras maidir le cúrsaí tithíochta dá bharr.

É sin ráite, is saincheist an-tábhachtach domsa mar Aire í tithíocht sa Ghaeltacht agus bhí roinnt chruinnithe agam leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, chun é seo a phlé.

I bPlean Tithíochta an Rialtais, tá a bhfuil geallta don Ghaeltacht soiléir; tá sé geallta go bhfoilseofar Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 agus go n-oibreoidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla chun na féidearthachtaí a bhaineann le suíomhanna seirbhísithe a bheadh feiliúnach do thithíocht a fhiosrú, anuas ar na scéimeanna tacaíochta náisiúnta tithíochta atá ar fáil don phobal i gcoitinne.

Anuas air sin, tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 ag Céim na Tuarascála faoi láthair. Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an Údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar títhíochta sa Ghaeltacht ann, déanfar leasú sa Bhille ar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, chun cead a thabhairt don Údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.