Written answers
Thursday, 26 March 2026
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
50. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé fós den tuairim nach dteastaíonn cúrsaí ollscoile breise trí Ghaeilge chun an sprioc 20% earcaíochta a bhaint amach don státseirbhís, i gcomhthéacs an méid atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga; an bhfuil sé ar an eolas faoi thoil na n-institiúidí tríú leibhéal cúrsaí breise a sholáthar trí Ghaeilge má tá maoiniú ar fáil; an bhfuil sé i gceist aige maoiniú na Roinne i dtreo ardoideachas trí Ghaeilge a ardú nó straitéis a ullmhú i gcomhar leis an Roinn Breisoideachais, Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22303/26]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aithním an luach a bhaineann le cúrsaí iomlán trí mheán na Gaeilge ag leibhéal 7 agus 8 i réimse leathan clár léinn a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge. Chuige sin, tá réimse cúrsaí trí Ghaeilge á maoiniú ag mo Roinn in institiúidí tríú leibhéil éagsúla faoinár dTionscnamh Ardscileanna Gaeilge le roinnt mhaith blianta anuas.
Tá taithí ag mo Roinn ar an gcineál oibre seo cheana féin mar ba í a bhí lárnach sa phróiseas rathúil a chuir deireadh leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san aontas Eorpach ag deireadh 2021 tar éis dul tríd tréimhse pleanála agus earcaíochta dúshlánach. Is é taithí na Roinne ó bheith ag riar an Tionscnaimh, áfach, nach roghnaíonn ach líon beag mac léinn na cúrsaí seo gach bliain. Léiríonn sé seo do mo Roinn nach iad cúrsaí lán-Ghaeilge i réimse leathan clár léinn an uirlis is éifeachtaí chun sprioc earcaíochta an Achta a bhaint amach sa ghearr-théarma mar go n-éilíonn an cuspóir seo soláthar ar scála.
Is í príomhthosaíocht mo Roinne sa tréimhse amach romhainn, mar sin, a chinntiú go mbeidh deis ag cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge teagmháil a choinneáil léi agus iad ag dul tríd an gcóras oideachais tríú leibhéal. Chuige sin, leagann an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 béim ar uasoiliúint agus ar inniúlacht sa Ghaeilge a choinneáil i gcomhthéacs an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.
Chuige sin, tá grúpa oibre earnála le bunú agus le tionól go luath faoin bPlean Gníomhaíochta chun breithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an earnáil oideachais threasaigh tacú le spriocanna na hearnála poiblí a bhaint amach mar atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus san Acht. Féachfaidh an grúpa seo leis na tosaíochtaí ó thaobh an t-éileamh ar scileanna ar leith sa réimse seo a leagan amach agus freagairt dóibh dá réir, ag cur cúinsí réigiúnacha agus deiseanna teicneolaíochta san áireamh.
Beidh mo Roinn agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta i gcomhchathaoirleacht ar an ngrúpa oibre earnála seo ag leibhéal Príomhoifigigh. Tá an leibhéal dea-thola agus dearfachta i leith na hoibre seo ó fógraíodh í an-spreagúil agus léiríonn sé an tacaíocht atá á feiceáil agam i leith fhorbairt na teanga ar fud na seirbhíse poiblí agus san oideachas go háirithe. Beidh ionadaíocht leathan i gceist leis an ngrúpa oibre seo, ach go háirithe ionadaíocht láidir ón earnáil oideachais threasaigh, lena n-áirítear ionadaíocht institiúideach.
Díreofar tríd an bPlean Gníomhaíochta freisin ar fhorbairt modúl agus micrea-dhintiúr trí Ghaeilge, a d'fhéadfaí a dhéanamh in éineacht le cúrsaí eile. Déanfar iniúchadh ar na deiseanna atá ann chun tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge taobh le clár eile freisin – agus é seo á thairiscint i roinnt ollscoil cheana féin.
Is fiú a lua go bhfuil éileamh as cuimsithe tagtha ar chúrsaí Gaeilge don státseirbhís tríd an Fhorais Riaracháin le roinnt blianta anuas chomh maith – ó 163 in earrach 2022 go gar go 600 anois in earrach 2026. Beifear ag plé go dlúth leis an bhForas Riaracháin faoin bPlean Gníomhaíochta as seo go ceann píosa mar sin chun tógáil ar an dea-obair seo.
Táthar sna céimeanna deireanacha den phróiseas bainteach le hathbhreithniú neamhspleách atá déanta ar Thionscnamh Ardscileanna na Gaeilge mo Roinne chomh maith. Is cinnte go ndéanfar breithniú ar thorthaí an athbhreithnithe sin agus na céad céimeanna eile á n-aithint sa spás seo.
Maidir le maoiniú earnáil an oideachais threasaigh go ginearálta chomh maith le straitéis a fhorbairt i leith na hearnála sin, tuigfidh an Teachta gur gnó é sin don Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Ach táim muiníneach idir an fhoráil atá déanta den Ghaeilge san Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022 agus na struchtúir éagsúla atá á gcur ar bun againn, go mbeifear ag tabhairt airde ar na ceisteanna sonracha bainteach le sprioc earcaíochta 20% na hearnála poiblí a bhaint amach mar chuid den obair seo go léir.
No comments