Written answers

Thursday, 26 March 2026

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Ghaeltacht

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

49. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht nuashonrú a thabhairt ar an obair atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta chun tacú le forbairt tithíochta sa Ghaeltacht; nuashonrú a thabhairt ar chruinnithe a bhí ag an Aire leis an Aire tithíochta maidir le foilsiú treoirlínte pleanála tuaithe agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23100/26]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba chóir a thabhairt faoi deara go mbaineann ceisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Sa chomhthéacs sin, tá obair idir lámha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar bhonn leanúnach chun tacú le soláthar tithíochta ar fud na tíre, an Ghaeltacht san áireamh. Da bharr an tsuim phearsanta atá agamsa sna hiarrachtaí réiteach a aimsiú ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht, tá roinnt cruinnithe tar éis a bheith agam leis an Aire Browne ar an ábhar ó ceapadh mé mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Tá a bhfuil geallta i bPlean Tithíochta an Rialtais don Ghaeltacht soiléir. Anuas ar na scéimeanna tacaíochta náisiúnta a bheidh ar fáil don phobal i gcoitinne, tá sé geallta go bhfoilseofar Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 agus go n-oibreoidh Údarás na Gaeltachta le hUisce Éireann agus údaráis áitiúla chun na féidearthachtaí a bhaineann le suíomhanna seirbhísithe a bheadh feiliúnach do thithíocht a fhiosrú.

Tá punann suntasach maoine faoi úinéireacht an Údaráis ar fud na Gaeltachta agus tá bonneagar fuíolluisce ag láithreáin éagsúla mar chuid de sin. Mar atá leagtha amach i bplean tithíochta an Rialtais ‘Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030: Plean Gníomhaíochta don Soláthar Tithíochta agus chun Dul i nGleic leis an Easpa Dídíne', tá deiseanna ann do Údarás na Gaeltachta comhoibriú le húdaráis ábhartha chun leas a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana trí chur chuige straitéiseach, plean-bhunaithe, chun riachtanais tithíochta i bpobail Ghaeltachta a chomhlíonadh.

Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chur ar fáil do phobail na nGaeltachta agus ní bheadh sé cuí béim agus fócas na heagraíochta a chomhlíonadh an róil sin a laghdú ná a athrú. Dá bhrí sin, beidh ról tánaisteach ag an Údarás maidir le tacú le soláthar tithíochta sa nGaeltacht, i dteannta ról na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na n-údarás áitiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.