Written answers

Thursday, 26 March 2026

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Barry HeneghanBarry Heneghan (Dublin Bay North, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

46. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir leis an bplean gníomhaíochta do sheirbhísí poiblí Gaeilge a d’fhoilsigh sé le déanaí, an bhfuil costáil déanta ar fheidhmiú an phlean gníomhaíochta agus, má tá, an féidir leis an figiúr a thabhairt dúinn; an dtabharfaidh sé gealltanas go lorgóidh sé méadú suntasach sa chéad cháinaisnéis eile le híoc as an bplean seo ina iomláine agus, ag an am céanna, an lorgóidh sé maoiniú suntasach sa bhreis chun na moltaí sa tuairisc ó Barr Feabhais faoin bpleanáil teanga a foilsíodh le déanaí a fheidhmiú, ar nós an moladh tuarastal ar leibhéal príomhoifigigh feidhmiúcháin san earnáil phoiblí a chur ar fail do na hoifigigh phleanála teanga agus an moladh go mbeadh breis baill foirne pleanála teanga i ngach limistéar pleanála teanga [22799/26]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na costais seo a leanas measta ag mo Roinn chun an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 a chur i bhfeidhm: €6m in 2026, €7.5m in 2027 agus €7.8 in 2028.

San áireamh anseo, tá meastachán de €1 milliún in aghaidh na bliana do chúrsaí oiliúna Gaeilge a scaipfear trasna an os cionn 400 comhlacht poiblí atá ag feidhmiú sa Stát. Áirítear leis seo freisin bearta eile de chuid mo Roinne a bhfuil airgead ceadaithe ina leith cheana féin nó airgead curtha ar leataobh ag mo Roinn chun iad a mhaoiniú. Ina measc tá ciste nuálaíochta atá le bunú faoin bPlean Gníomhaíochta chun tacú le comhlachtaí poiblí bearta nuálacha a chur i gcrích i dtaca le cur i bhfeidhm an Achta.

Mar a bhaineann sé leis na bearta atá aitheanta le mo Roinn nó le gníomhaireachtaí faoina cúram; i bhfianaise an t-ardú suntasach a bhfuair mé don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2026, meastar go mbeifear in ann iad seo a chlúdach as leithdháileadh reatha mo Roinne agus go gcuirfear leo bliain ar bhliain de réir mar a chuirtear cistí eile ar fáil.

Mar an chéad aire sinsearach don Gaeilge agus don Ghaeltacht le blianta fada, leanfaidh mé ar ndóigh de bheith ag iarraidh cur leis an leithdháileadh don chlár tríd an gCáinaisnéis gach bliain. Mar sin féin, beidh maoiniú ghealltanais na gcomhlachtaí poiblí eile atá rannpháirteach faoi réir phróisis bhliantúil na meastachán poiblí agus léireofar é sna leithdháiltí foilsithe san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe gach bliain.

Maidir leis an méid faoi chúrsaí pleanála teanga, is é seo a leanas an scála pá reatha atá i bhfeidhm mar a bhaineann sé le hOifigigh Pleanála Teanga: €36,450, €39,000, €41,550, €44,100, €46,650, €49,200, €51,750. Go hiondúil, bíonn solúbthacht ag an gceanneagraíocht, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge de réir mar a bhaineann, Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú ag tosú amach ag aon cheann de na pointí idir 1 agus 4 ar an scála thuas i mbliain 1 d’fheidhmiú an phlean, ag brath ar cháilíochtaí, thaithí, agus thosca ábhartha eile.

Ceadaíodh tacaíocht bhreise don 4 Limistéar Pleanála Teanga a raibh Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga ceadaithe dóibh i 2023 - Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; Conamara Láir & Ciarraí Thiar. Aontaíodh ag an am sin go go mbeadh cead ag na limistéir sin Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú seachas Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga, de réir mar a oireann. Mar thoradh ar an gcinneadh sin, tá siad in ann beirt Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú ina gcuid limistéir pleanála teanga in áit Oifigeach Pleanála Teanga amháin agus Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga amháin, mar a bhí roimh 2023.

Tá acmhainní breise curtha ar fáil do na heagraíochtaí a thacaíonn leis an bpróiséas ina iomláine, lena n-airítear acmhainní don phróiseas agus freisin do na heagraíochtaí sin (Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta Teo, Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo agus Muintearas Teo san áireamh) a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil atá mar bhunchloch ag feidhmiú éifeachtach an phróisis. Cuirfear tuilleadh acmhainní isteach sna seirbhísí lárnacha seo sna blianta amach romhainn, ag tosú le hallúntas breise d’os cionn €0.5m atá ceadaithe do Mhuintearas Teo le tus a chur le soláthar seirbhísí óige sa Ghaeltacht i 2026.

Déanfar cur i bhfeidhm na moltaí atá san áireamh i dTuairisc Bharr Feadhais Teo a bhreithniú i gcomhthéacs na n-allúntas a bheidh ar fáil don phróiseas pleanála teanga sna blianta amach romhainn chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.