Written answers
Wednesday, 4 March 2026
Department of Culture, Communications and Sport
Ceisteanna Craolacháin
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
167. To ask the Minister for Culture, Culture, Communications and Sport cén dul chun cinn agus cén maoiniú atá curtha ar leataobh i mbliana chun stáisiún raidió Gaeilge dírithe ar déagóirí a chuir ag craoladh go náisiúnta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17731/26]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is bunchloch dár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht náisiúnta í ár dteanga agus is tosaíocht don Rialtas seo a chinntiú go leanfar agus go méadófar tacaíocht don Ghaeilge ar fud na n-ardán meán uile. I gcomhréir le beartas an Rialtais, riarann Coimisiún na Meán, an rialtóir meán, maoiniú agus tacaíocht d’ábhar Gaeilge ardchaighdeáin trí réimse scéimeanna craolacháin.
Aithníonn an Rialtas an luach a bhaineann le rochtain a bheith ag daoine óga ar ábhar beoga, ábhartha i nGaeilge agus leagann Clár an Rialtais amach "tacaíocht a thabhairt don leathnú ar na ceadúnais craolacháin chuig stáisiúin raidió príomhshrutha Gaeilge a dhíríonn ar éisteoirí óga.”
I ndáil leis sin, choimisiúnaigh Coimisiún na Meán píosa taighde chun indéantacht seirbhís raidió Gaeilge dírithe ar éisteoirí óga a fhiosrú. Fuair oifigigh i mo Roinn aschur an taighde le déanaí agus tá siad ag breithniú na dtorthaí.
Ag an am céanna, choimisiúnaigh Coimisúin na Meán athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar na meán Gaeilge. Táim ag súil go bhfaighidh mé an tuarascáil sin go han-luath. Beidh torthaí an taighde sin ina gcúis le straitéis agus plean gníomhaíochta a fhorbróidh aonad Gaeilge nua atá bunaithe i gCoimisiún na Meán i bhfianaise an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge.
Tá mo Roinn tiomanta ar son oibriú le Coimisiún na Meán agus le geallsealbhóirí eile chun craoltóireacht na Gaeilge a neartú tuilleadh ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe toisc go bhfuil éileamh soiléir ón lucht féachana.
No comments