Written answers

Thursday, 18 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

62. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici ardú breise eile a cheadú i mbliana do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge leis an ráta íocaíochta a chur ar chomhréir leis an íocaíocht a bhí ann sa bhliain 2008, arna choigeartú don bhoilsciú ó shin le go mbeidh sé níos tarraingtí do theaghlaigh na scoláirí a choinneáil, agus á chur san áireamh go mbeidh an t-airgead ar fáil ag an Roinn de bharr laghdú ar líon na dtithe atá ag coinneáil Gaeilgeoirí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23195/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceadaíodh ardú ar an deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge anuraidh ó €10 go €12 - sin ardú de 20%. Anuas air sin, ceadaíodh ardú ó €2,000 go €6,000 ar an deontas tosaithe atá ar fáil do theaglaigh a chláraíonn faoin scéim do chéad uair agus do theaghlaigh atá imithe as an gcóras le tréimhse chúig bhliana agus atá ag iarraidh athchlárú faoin scéim. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin a dhéanamh ar an teach, mar aon le costais a bhaineann le trealaimh faoi leith chun lóistín a chur ar fáil.

Níor mhiste a lua chomh maith gur fhógair mé le gairid go bhfuil cead anois ag teaghlaigh atá cáilithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge uaslíon de 16 scoláire a choinneáil ar íostas leo ach an spás sin a bheith ar fáil acu. Sin méadú ó 12 go 16 scoláire - rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag teaghlaigh ioncam breise a shaothrú dá bharr.

Mar is gnáth, bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach ar aon deis chun tuilleadh fós a dhéanamh ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.