Written answers

Thursday, 18 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

58. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an ráta íocaíochta a íocadh le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó 1996 ar aghaidh; cad é an ráta íocaíochta atá ann i mbliana; líon na dteaghlach a choinnigh scoláirí sna blianta sin; an bhfuil tuarascáil faighte ag an Roinn go bhfuil laghdú tagtha ar líon na dteaghlach a bheidh a coinneáil scoláirí i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23196/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta tugtha i bhfoirm tábla thíos. Léiríonn an tábla thíos ráta Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó 1996 i leith agus líon na dteaghlaigh a chuir lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge sna blianta sin.

Tá eolas faighte ag an Roinn maidir leis an líon teaghlach sa chóras de réir taighde a déanadh i 2022, a thug le fios go raibh laghdú ar líon iomlán na dteaghlach sa chóras. Ní thugtar le fios cén údar leis an laghdú, áfach.

Tá iarratais ar aitheantas faighte ó 32 teaghlach Gaeltachta go dáta i 2023 chun lóistín a chur ar fáil faoin scéim. Os rud é go mbíonn iarratais á ndéanamh ar bhonn leanúnach, táthar ag súil le tuilleadh iarratas fós i mbliana. Chláraigh 39 teaghlach faoin scéim in 2022 rud a thugann le fios go bhfuil suim á léiriú sa scéim i gcónaí.

Chun tacú le tuilleadh teaghlaigh a mhealladh chuig an scéim, cheadaigh mo Roinn ardú 20% anuraidh ar an deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil. Anuas ar sin ardaíodh an deontas tosaithe do theaghlaigh nua ó €2,000 go €6,000 agus, níos túisce i mbliana, d'fhógair mé go mbeadh an deontas seo ar fáil do theaghlaigh atá éirithe as an gcóras ar feadh tréimhse chúig bhliana nó níos mó agus atá ag iarraidh athchlárú faoin scéim. Chomh maith leis sin, mhéadaigh mé le déanaí an líon scoláirí gur féidir a choinneáil in aon teach ó 12 go 16. Idir na bearta seo uilig, meastar go mbeidh suas go 400 leaba breise ar fáil sa chóras i mbliana le hais 2022.

Bliain Líon Teaghlaigh Ráta
1996 718 £4.00
1997 697 £4.00
1998 694 £4.40
1999 650 £4.40
2000 673 £5.00
2001 675 £5.50
2002 660 €7.00
2003 602 €8.00
2004 605 €8.00
2005 585 €9.00
2006 615 €9.50
2007 602 €10.50
2008 663 €10.50
2009 664 €10.50
2010 657 €10.00
2011 665 €9.50
2012 649 €9.50
2013 644 €9.50
2014 613 €9.50
2015 624 €9.50
2016 659 €9.50
2017 685 €10.00
2018 712 €10.00
2019 601 €10.00
2022* 495 €11.00 / €12.00

*Ardú €1 mí Márta 2022 & ardú €1 breise mí Deireadh Fómhair 2022.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.