Written answers

Tuesday, 22 November 2022

Department of Education and Skills

Scrúduithe Stáit

Photo of Martin BrowneMartin Browne (Tipperary, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

394. To ask the Minister for Education and Skills i gceist a tuairimí ar an bhaint dén scrúdú béil ón Teastas Sóisearach, ina tuairim an bhfuil bhagairt do leibhéil Ghaeilge labhartha na mac léinn ón mbeart seo’. [57595/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta i gcónaí d’úsáid na Gaeilge labhartha a spreagadh. Bhí forbairt na sonraíochtaí nua curaclaim don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach bunaithe ar thaighde agus ar chomhairliúchán fairsing leis na comhpháirtithe oideachais, lena n-áirítear múinteoirí atá ag obair agus daltaí. Déantar forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) a chuirtear ar fáil do mhúinteoirí a chomhlánú le raon tacaíochtaí eile. Tugann an cur chuige nua aitheantas níos fearr d’fhorbairt chumas labhartha na ndaltaí, lena n-áirítear a gcumas Gaeilge a labhairt, thar thrí bliana na Sraithe Sóisearaí.

Tá an measúnú ar scileanna na Gaeilge labhartha mar chuid lárnach den eispéireas foghlama teanga foriomlán agus tarlaíonn sé ar bhealaí éagsúla. Chomh maith le tascanna a chur i gcrích ina n-úsáideann agus ina léiríonn an scoláire a scileanna labhartha chun torthaí foghlama ar leith a bhaint amach, déantar measúnú foirmiúil ar a scileanna teanga labhartha freisin trí Mheasúnuithe Rangbhunaithe (MRBnna), a bhfuil an dara ceann acu bunaithe go hiomlán ar inniúlacht teanga labhartha an scoláire. Tá an MRB nasctha le malartuithe leanúnacha sa seomra ranga agus taispeánann sé léiriú níos barántúla ar shuimeanna agus ar leibhéil inniúlachta na ndaltaí sa Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go ndéantar scileanna labhartha gach scoláire a mheasúnú anois in MRBnna agus go ndéantar tuairisciú foirmiúil orthu i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí. Murab ionann agus an fhormáid tuairiscithe roimhe seo ina bhfuair iarrthóirí grád foriomlán amháin bunaithe ar a ngnóthachtáil sa Ghaeilge sa Teastas Sóisearach, cibé acu a thug siad faoin mbéaltriail roghnach nó nár thug, ceadaíonn Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí do ghnóthachtálacha na ndaltaí sna MRBnna a thaifeadadh go neamhspleách ar an toradh sa scrúdú státdheimhnithe.

Chomh maith leis sin, is fiú tabhairt faoi deara go raibh an scrúdú cainte roimhe seo sa Teastas Sóisearach roghnach agus gur thóg thart ar 40 % de na daltaí é, agus go ndearna a múinteoirí measúnú air go ginearálta. Mar gheall ar na socruithe nua measúnaithe ar an taobh eile, ní mór do gach dalta measúnú a dhéanamh ar a gcuid scileanna labhartha tríd an MRB.

Ag freagairt d’iarratais a fuarthas ó pháirtithe leasmhara tríd an gcomhairliúchán a rinneadh le déanaí ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta, chinn Comhairle CNCM athbhreithniú a dhéanamh ar luath-achtú na Gaeilge, T1 agus T2, sa tSraith Shóisearach. Dá réir sin, tuigim go bhfuil tuairisc ar luath-achtú na Gaeilge, T1 agus T2, sa tSraith Shóisearach á cur i gcrích faoi láthair ag an CNCM.

Photo of Martin BrowneMartin Browne (Tipperary, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

395. To ask the Minister for Education and Skills i gceist an bhfuil aon phleananna ó an Rionn Oideachais ar scrúdú ard teist níos deacra ag na daltaí sna Gaelcholáistí agus daltaí Gaeltachta gan aon phointí bónais. [57596/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá forbairtí suntasacha tarlaithe le deich mbliana anuas maidir le soláthar curaclaim Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Tá curaclaim idirdhealaithe Gaeilge, T1 (do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge) agus T2 (do scoileanna atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla), curtha ar fáil ag an mbunleibhéal le blianta fada agus ag an tSraith Shóisearach ó 2017 i leith.

Tugadh isteach curaclam reatha Gaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe) i scoileanna i 1995. In 2018, bunaithe ar thaighde agus ar thógáil ar mhúnla an tsoláthair atá i bhfeidhm cheana féin ag leibhéil na bunscoile agus na sraithe sóisearaí, bhunaigh an CNCM grúpa ionadaíoch forbartha ábhar chun tús a chur leis an obair ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 Gaeilge Ardteistiméireachta (bunaithe) a fhorbairt. D’oscail an CNCM comhairliúchán ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 i mí Feabhra 2021. Tá críoch curtha leis an bpróiseas comhairliúcháin, a thug aird ar na dúshláin a bhí roimh mhúinteoirí, scoláirí, ceannairí scoile agus a bpobail mar thoradh ar phaindéim Covid 19. Táthar ag súil go seolfar dréacht-tuarascáil chomhairliúcháin chuig mo Roinn i mí na Nollag lena mbreithniú.

Maidir le pointí an CAO, is eol dom go bhfuil iarrtha ag páirtithe leasmhara Gaeilge go gcuirfí pointí bónais CAO ar fáil chun glacadh dréacht sonraíocht T1 a spreagadh. Ní mór ag an tráth seo fanacht ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin sula ndéanfar aon chinneadh faoina leithéid. Cuirtear in iúl don Teachta go mbaineann an cheist maidir le pointí bónais CAO leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

English version

There have been significant developments over the past decade in Irish language curriculum provision for learners in primary and post-primary schools. Differentiated Irish language curricula, L1 (for Gaeltacht and Irish-medium schools) and L2 (for English-medium schools), have been provided at primary level for many years and at Junior Cycle since 2017.

The current Leaving Certificate (established) Irish curriculum was introduced to schools in 1995. Informed by research and building on the model of provision already in place at primary and junior cycle levels, the NCCA established a representative subject development group to commence work on developing draft L1 and L2 specifications for Leaving Certificate (established) Irish in 2018. NCCA opened a consultation on draft L1 and L2 specifications in February 2021. The consultation process, which was mindful of the challenges facing teachers, students, school leaders and their communities as a result of the Covid-19 pandemic, has been completed. It is expected that a draft consultation report will be sent to my Department in December for my consideration.

On the matter of CAO points, I am aware that Irish-language stakeholders have called for CAO bonus points to be made available to encourage uptake of the draft L1 specification. It is necessary at this time to await the outcomes of the consultation process before reaching any decision on such matters. The Deputy is advised that CAO bonus points are a matter for the Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.