Written answers

Tuesday, 21 June 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

73. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé beartaithe aici stádas baile seirbhíse Gaeltachta a shannadh do Mhaigh Chromtha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32196/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Maigh Chromtha Co. Chorcaí luaite mar bhaile a d'fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta in am tráth ach plean teanga a bheith ullmhaithe don bhaile faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012.

Is faoi scáth foriomlán Fhoras na Gaeilge a tharlóidh na socruithe éagsúla is gá a dhéanamh chun eagraíocht chuí a aimsiú go háitiúil le tabhairt faoi ullmhú agus feidhmiú plean teanga don bhaile.

Ar nós na mbailte eile lena mbaineann, cuirfear ciste ar fiú suas le €20,000 ar fáil don eagraíocht a roghnaítear chun cabhrú le hullmhú an phlean agus is ciste bliantúil ar fiú €80,000 a bheidh ar fáil ansin le cabhrú le feidhmiú an phlean ach é a bheith ceadaithe.

Tuigtear do mo Roinn go bhfuil obair ullmhúcháin ina leith seo ar fad idir lámha ag  Foras na Gaeilge i dtreo fógra a dhéanamh ag lorg eagraíochta don chúram gan rómhoill eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.