Written answers

Tuesday, 14 June 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

455. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgid a cuireadh ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge gach bliain ó 2008 ar aghaidh; an bhfuil i gceist aici méadú suntasach a dhéanamh ar an liúntas seo an bhliain seo chugainn chun cuidiú le forbairt na hearnála seo [30359/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar 1 Eanáir 2008. Clár na Leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an Scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne.

Tá eolas maidir le Clár na Leabhar Gaeilge ar fáil ar shuíomh an Fhorais: .

Seo a leanas an maoiniú imfhálaithe atá curtha ar fáil ó 2008 go dáta ag mo Roinn do Chlár na Leabhar Gaeilge:

Bliain Maoiniú
2008 €1,820,000
2009 €1,588,563
2010 €1,499,917
2011 €1,323,883
2012 €1,259,142
2013 €1,170,996
2014 €1,117,395
2015 €1,105,380
2016 €1,061,165
2017 €1,061,165
2018 €1,061,165
2019 €1,061,165
2020 €1,061,165
2021 €1,061,165
2022 €1,061,165*

*Chomh maith leis an maoiniú imfhálaithe thuas, chuir mo Roinn maoiniú breise aon uaire de €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge don mbliain reatha, 2022, maoiniú atá le dáileadh ar Scéim na bhFoilsitheoirí agus Scéim na Meantóirí de chuid Chlár na Leabhar Gaeilge. Tugann an t-allúntas breise seo maoiniú an Chláir ar ais go dtí thart ar an leibhéal ag a raibh sé i 2011.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.