Written answers

Thursday, 5 May 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

38. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon aiseolas faighte ag a Roinn go dáta maidir le laghdú suntasach a bheith ann ar líon na dtithe atá ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana; má tá, cé na beartais atá i gceist aici a chur i bhfeidhm chun teacht roimh an bhfadhb seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22175/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ós rud é go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh córas na gcoláistí faoi lán seoil an samhradh seo, is é tosaíocht mo Roinne faoi láthair, mar a bhaineann sé le córas na gcoláistí Gaeilge, cúram a dhéanamh de phróiseáil iarratas ar aitheantas ó na coláistí agus éilimh íocaíochtaí ar dheontais Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne.

Mar is iondúil san fhómhar nuair atá cúrsaí an tsamhraidh thart, beidh an deis chuí ann chun gnéithe scéim na Roinne a bhreithniú ag an tráth sin i gcomhar le páirtithe leasmhara.

Chun tacú le hathoscailt bisiúil an chórais tar éis COVID-19, cheadaigh mé trí bheart faoi leith i mbliana ar leas an chórais:

- Cheadaigh mé ardú 10% sa deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar chostas tuairim is ceithre céad míle euro (€400,000). Cabhróidh sé seo gan amhras le hiarrachtaí na gcoláistí teaghlaigh a choinneáil agus a mhealladh.

- Anuas ar sin cheadaigh mé ciste faoi leith ar fiú ceithre céad míle euro eile (€400,000) chun go mbeidh an deis a bheith ag suas le ceithre céad scoláire ó scoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht.

- Lena chois sin uile ceadaíodh gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná 3 oíche faoin scéim mar bheart eisceachtúil don bhliain seo amháin. Rinneadh é seo chun cabhrú tuilleadh le téarnamh na hearnála. Tabharfaidh an beart faoi leith sin deis bhreise do scoláirí a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht le dhá bhliain anuas de bharr COVID-19.

Is ionann luach na mbearta sin ar fad agus infheistíocht bhreise ar fiú tuairim is ocht gcéad míle euro (€800,000) a bheith curtha ar fáil don chóras sa bhliain reatha. Is é seo ceann na harduithe bliantúla is airde ar chiste chóras na gcoláistí ó bunaíodh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge caoga bliain ó shin. Fágfaidh sé seo uile go mbeidh infheistíocht ar fiú os cionn cúig mhilliún euro (€5m) á cur ag mo Roinn i dtreo earnáil na gcoláistí Gaeilge.

Tagann sé seo uile, ar ndóigh, sna sála ar an gcúig bheart faoi leith a bhunaigh mo Roinn thar dhá bhliain anuas arbh fhiú os cionn ocht milliún euro iad (€8m) chun cabhrú le teacht aniar chóras na gcoláistí Gaeilge tar éis COVID. Bhí na bearta aon uaire sin dírithe ar theaghlaigh an chórais, ar hallaí pobail Gaeltachta agus, ar ndóigh, ar lucht stiúrtha na gcoláistí féin.

Níl aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht tríd na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime.

Ach an oiread le gach réimse eile atá faoi mo chúram mar Aire Stáit na Gaeltachta, coinneoidh mo Roinn cás na hearnála faoi bhreithniú agus tapófar le aon deis chuí a thagann chun cinn chun cabhrú tuilleadh - i gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil agus ag cur éilimh eile san áireamh mar is cuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.