Written answers

Thursday, 5 May 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

21. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na tacaíochtaí atá beartaithe ag a Roinn chun a chinntiú gur féidir le teifigh ón Úcráin atá lonnaithe sa Ghaeltacht, páistí scoile agus a dtuismitheoirí san áireamh, páirt a ghlacadh sa phobal labhartha Gaeilge, agus cén anailís nó ullmhúchán atá déanta nó idir lámha ag a Roinn chun a chinntiú nach gcaithfear leis na teifigh seo ar shlí a mbrúfaí an Béarla orthu mar theanga labhartha, fiú nuair nach bhfuil cumas acu sa Bhéarla, agus a ndéanfaí Béarlú ar phobail Ghaeltachta. [22202/22]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

26. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil tacaíochtaí breise curtha ar fáil ó thaobh pleanála teanga de do na pobail Ghaeltachta atá tar éis teifigh ón Úcráin a ghlacadh isteach ina bpobal chun deileáil leis na dúshláin bhreise teanga a éireoidh dá bharr; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22174/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 21 and 26 together.

Mar is eol don Teachta, is cur chuige ilgabhálach tras-rannach atá idir lámha chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le freastal a dhéanamh ar theifigh na hÚcráine - lena n-áirítear teifigh a thagann chun na Gaeltachta. 

Mar a bhaineann sé leis an gcóras oideachais agus an próiseas pleanála teanga cuir i gcás, tá nasc á chruthú i rith an ama idir scoileanna Gaeltachta sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus na Ceanneagraíochtaí Pleanála Teanga agus Oifigigh Pleanála Teanga.

Ar an mbunús céanna go mbíonn bearta á bhfeidhmiú ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga i gcomhar leis an scoileanna le tacú le cur chun cinn na Gaeilge i measc phobal na scoile, béifear in ann teacht ar bhealaí comhchosúil le tacú le muintir na hÚcráine agus iad ag iarraidh socrú isteach sna pobail chéanna. 

Tuigtear don Roinn go bhfuil cur chuige aontaithe idir na hOifigigh Pleanála Teanga atá fostaithe ag na ceanneagraíochtaí chun tabhairt faoin obair sin. Anuas air sin, tá tacaíocht bhreise ar fáil tríd an Rannóg Pleanála Teanga de chuid Údaráis na Gaeltachta do na ceanneagraíochtaí pleanála teanga nó do ghrupaí pobail eile má tá éileamh ann ó mhuintir na hÚcráine do ranganna Gaeilge / tacaíochtaí teanga taobh amuigh den chóras oideachais.  Tuigtear don Roinn go bhfuil sé seo curtha in iúl ag an Údarás do na hOifigigh Pleanala Teanga agus na ceanneagraíochtaí i gcomhthéacs an chúraim atá sannta don Údarás mar a bhaineann sé le feidhmiú an phróisis pleanála teanga.

Comthreomhar leis sin uile, tá mo Roinn ag breathnú faoi láthair ar an gcaoi a bhféadfaí tacú tuilleadh le teaghlaigh na hÚcráine go príomha tríd na scéimeanna agus cláir atá á riar cheana féin faoi scáth eagraíochtaí ábhartha a bhíonn ag feidhmiú ar an talamh le cúnamh leanúnach mo Roinne agus / nó Údarás na Gaeltachta.

Ní gá dom a rá go leanfaidh mo Roinn ag coinneáil an scéal uile faoi bhreithniú sa chaoi is go mbeifear in ann ár gcion a dhéanamh ar leas foriomlán theifigh na hÚcráine, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.