Written answers

Tuesday, 26 April 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Forálacha Pinsin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

605. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta leis an bplé idir a Roinn agus an Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe maidir leis an iarratas go n-aithneofaí tréimhse seirbhíse le Bord na Leabhar Gaeilge mar sheirbhís chun críche pinsin de chuid na seirbhíse poiblí ó freagraíodh ceist ar an ábhar seo go deireadh ar an 19/1/2022 (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21212/22]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a luaigh mé i mo fhreagra ar an ábhar seo níos túisce i mbliana, tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar an gcás maidir le hiarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge agus a n-iarratas go n-aithneofaí a dtréimhse seirbhíse le Bord na Leabhar Gaeilge mar sheirbhís chun críche pinsin de chuid na seirbhíse phoiblí.  Tá mo Roinn fós ag plé na ceiste seo leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe féachaint an féidir teacht ar réiteach ina leith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.