Written answers

Tuesday, 18 May 2021

Department of Education and Skills

Tionscadail Fhoirgnimh Scoile

Photo of Denise MitchellDenise Mitchell (Dublin Bay North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

465. To ask the Minister for Education and Skills cathain a bheidh dul chun gcinn déanta i bhforbairt foirgnimh nua do Ghaelcholáiste (sonraí tugtha). [25610/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mórthionscadal tógála na scoile dá dtagraíonn an Teachta ag céim ard den Phleanáil Ailtireachta, Céim 2 (b) - Dearadh Mionsonraithe.

Rinne mo Roinn athbhreithniú ar thuarascáil Chéim 2 (b) le déanaí agus eisíodh tuairimí chuig Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath Dún Laoghaire (DDLETB) a iarrfaidh ar a bhFoireann Dearaidh athbhreithniú deiridh a dhéanamh ar a dhoiciméad tairisceana go léir chun a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais na Roinne agus dearbhú i scríbhinn a chur isteach ó gach ball den Fhoireann Dearaidh nuair a bheidh an obair seo críochnaithe.

I mí Dheireadh Fómhair 2020, d’fhonn dul chun cinn an mhórthionscadail tógála seo a bhrostú, d'údaraigh mo Roinn don DDLETB agus dá Fhoireann Dearaidh tús a chur le próiseas réamhcháilíochta chun gearrliosta conraitheoirí a roghnú fad a bheith athbhreithniú mo Roinne ar aighneacht chéim 2 (b) don tionscadal seo ar siúl. Tá an próiseas réamhcháilíochta ar siúl faoi láthair.

Nuair a gheofar dearbhuithe ón bhFoireann Dearaidh agus nuair a bheidh deireadh leis an bpróiseas réamhcháilíochta, agus mura dtagann aon saincheist chun cinn, beidh mo Roinn i dteagmháil le DDLETB agus a Fhoireann Dearaidh maidir leis an tionscadal seo a chur ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den phleanáil ailtireachta, Céim 3 (Céim na Tairisceana).

De ghnáth tógann céim na tairisceana idir 7 agus 8 mí ó thús deireadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.