Written answers

Wednesday, 21 October 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

91. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad atá i gceist san airgead breise atá fógartha sa Bhuiséad le haghaidh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. [32000/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sa cháinaisnéis a fógraíodh an tseachtain seo caite rinneadh leithdháileadh de €5 milliún don Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge do 2021. Is i ndáil leis an bpróiseas pleanála teanga a chaithfear an t-airgead sin.  Is ardú de €1.3 milliún é sin ar leithdháileadh 2020. 

Tá an próiseas pleanála teanga faoi lánseoil anois le 23 plean ceadaithe idir Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonra Gaeilgeí.  Cuirfear leis seo in 2021 agus beidh mo Roinn ag cur an maoiniú cuí ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge as an soláthar atá ar fáil di chun a chumasú dóibh tógáil ar an próiseas ina gceantar feidhme. 

De thoradh an chiste shuntasaigh a bheidh ar fáil in 2021, fágfaidh sé go mbeidh sé ar chumas mo Roinne treisiú a dhéanamh ar fheidhmiú an phróisis agus na Straitéise, dá réir.  Bainfear leas as an gciste seo go príomha chun:

- Leanúint le feidhmiú na bpleananna agus éascú a dhéanamh ar cheadú na pleananna atá fós le ceadú.  Sa chur chuige atá i bhfeidhm, cuirtear ciste ar fiú suas le €100,000 - €150,000 ar fáil do limistéir a bhfuil pleananna ceadaithe ina leith. Cuireann sé seo ar a gcumas Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú le cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an phlean teanga go háitiúil, ag brath ar riachtanais an cháis.  I gcás na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge, cuirtear ciste ar fiú suas le €80,000 ar fáil dóibh siúd a bhfuil plean teanga ceadaithe ina leith ach amháin i gcás Cathracha na Gaillimhe agus Chorcaí a bhfuil ciste suas le €100,000 in aghaidh na bliana ar fáil dóibh. 

- Leanúint le maoiniú bearta sna réimse luathbhlianta, teaghlaigh agus ealaín traidisiúnta ar bhonn lárnach chun tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis trí chéile.

Agus maoiniú na Straitéise 20 Bliain faoi chaibidil, is fiú a lua go bhfuil dlúthbhaint ag na cláir éagsúla caiteachais atá á riar ag mo Roinn agus go deimhin ag cláir ábhartha eile atá á riar ag Ranna agus forais  ábhartha stáit le feidhmiú na Straitéise.

Mar a bhaineann sé le mo Roinn féin, luafainn an ciste atá ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá á riar ag mo Roinn chomh maith leis an soláthar airgid C4 a fuair arduithe ar fiú €0.51m agus €2.37m faoi seach i mBuiseád 2021. Luafainn chomh maith an t-ardú subtaintiúil a cuireadh ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge a chuirfear chun fónaimh de réir mar a bhaineann chun cabhrú tuilleadh le feidhmiú rathúil na Straitéise. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.